Faigheann an tAire McConalogue faomhadh Cúnaimh Stáit €8 milliún do scéim cúnaimh leachtachta d’Earnáil Bia Mara na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D. dhá scéim nua maoinithe ag an gCúlchiste um Choigeartú Breatimeacht (BAR) inniu, arb ionann iad agus pacáiste tacaíochta iomlán de €8 milliún sa bhreis d’earnáil bia mara na hÉireann.
Is iad seo a leanas na scéimeanna nua:
• Scéim um Aistriú Próiseálaí Éisc an Bhreatimeachta a bhfuil buiséad de €7 milliún aici.
• Scéim um Aistriú Chomharchumainn Iascaigh an Bhreatimeachta a bhfuil buiséad de €1 milliún aici.
Ag fógairt na scéimeanna, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil tuilleadh moltaí an Tascfhórsa Bia Mara á gcur i bhfeidhm, atá deartha chun cabhrú le comharchumainn iascaigh agus próiseálaithe éisc an tionchar a bhaineann le laghdú ar chuótaí a eascraíonn as an gComhaontú Trádála agus Comhair (TCA) a shárú. Cuirfidh na scéimeanna seo €8 milliún sa bhreis ar fáil d’earnáil bia mara na hÉireann agus faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, méadófar an maoiniú Cúlchiste um Choigeartú Breatimeacht (BAR) a d’fhógair mé go €304.9 milliún.”
Tá na scéimeanna seo bunaithe ar mholtaí an Tascfhórsa Bia Mara a bhunaigh an tAire McConalogue in 2021 chun tionchair na Bhreatimeachta agus an TCA ar an earnáil iascaireachta agus ar phobail chois chósta a mheasúnú.
Lean an tAire ar aghaidh:
“Aithníonn an fógra inniu maidir le tacaíocht iomlán de €8 milliún an tionchar suntasach atá ag TCA Breatimeacht an AE ar fud Earnáil Bia Mara na hÉireann, agus go háirithe ar phobail imeallacha tuaithe agus chois chósta na hÉireann. I bhfoirm cúnamh deontais díreach, tacóidh na scéimeanna seo le próiseálaithe agus comharchumainn éisc chun déileáil le dúshláin a eascraíonn as laghdú ar amhábhar. Táim muiníneach go dtabharfaidh an maoiniú seo tuilleadh tacaíochta d’earnáil bia mara na hÉireann chun dul i dtaithí ar an timpeallacht athraithe ina bhfuilimid, agus go gcuideoidh sé le hearnáil bia mara brabúsach agus inbhuanaithe a chinntiú amach anseo. Anois agus faomhadh Cúnamh Stáit faighte agam ó Choimisiún an AE, beidh mé ag tabhairt treorach do BIM na scéimeanna seo a riaradh gan mhoill.”
Is é Bord Iascaigh Mhara (BIM), gníomhaireacht forbartha bia mara na hÉireann, a dhéanfaidh na scéimeanna seo a riar thar ceann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus beidh tuilleadh eolais ar fáil a luaithe a sheolfar na scéimeanna, ar shuíomh gréasáin BIM.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
I mí an Mhárta 2021, bhunaigh an tAire McConalogue Tascfhórsa Earnáil an Bhia Mara chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí do thionscal Iascaireachta na hÉireann agus do phobail chósta atá ag brath air go háirithe ag eascairt as Comhaontú Trádála agus Comhair an Bhreatimeacht, arna chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an RA. Cuireadh de chúram ar an Tascfhórsa tionscnaimh a mholadh a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacaíochtaí a sholáthar d’fhorbairt agus d’athstruchtúrú, chun cabhlach inbhuanaithe iascaireachta a chinntiú agus chun deiseanna a aithint do phoist agus do ghníomhaíocht eacnamaíoch i bpobail chois chósta atá ag brath ar an iascaireacht.
Scéim um Aistriú Próiseálaí Éisc an Bhreatimeachta
Tabharfaidh an scéim cúiteamh do phróiseálaithe a d’fhulaing laghdú ar láimhdeachas ar a laghad 15% nó níos mó sa tréimhse 12 mhí ó Eanáir go Nollaig 2021 i gcomparáid leis an meánláimhdeachas bliantúil do 2018 go 2020. Ní mór d’iarratasóirí a léiriú gurb é an TCA an chúis atá leis an laghdú seo ar láimhdeachas maidir le soláthar laghdaithe speiceas a mbíonn tionchar díreach ag laghduithe cuóta orthu agus/nó mar gheall ar chostais oibriúcháin mhéadaithe ar lóistíocht agus ar riarachán a bhaineann leis an Bhreatimeachta. Tá an tacaíocht deartha chun sreabhadh airgid a chobhsú agus chun cabhrú le próiseálaithe oibríochtaí a oiriúnú do na socruithe trádála nua leis an RA. Éascóidh sé aistriú ordúil le linn an ama is gá do chuideachtaí den sórt sin chun soláthróirí eile a aimsiú nó chun bearta struchtúracha eile a chur chun feidhme (m.sh. ath-chomhshó go hamhábhar eile nó laghdú go hordúil ar ghníomhaíocht gnó) iar-TCA.
Scéim um Aistriú Chomharchumainn Iascaigh an Bhreatimeachta 2023
Tá an chúnamh ghearrthéarmach seo ag teastáil chun na laghduithe ar láimhdeachas a d’fhulaing na Comharchumainn le linn 2022 a fhritháireamh. Tá sé mar aidhm ag an scéim caillteanais láimhdeachais a chumhdach a tharla go díreach mar gheall ar laghduithe in amhábhar a eascraíonn as na haistrithe cuóta de bharr an TCA. Is é an toradh a bhíonn ar dhíolacháin laghdaithe éisc do na Comharchumainn ná laghdú ar an gcoimisiún a fhaightear ó dhíolacháin den sórt sin, rud a chuireann isteach ar chumas na comharchumann oibriú. Níos tábhachtaí fós, leanfaidh sé ag éascú aistriú go hordúil sa ghearrthéarma chun a cheadú do na comharchumainn a ngnólachtaí a athchumrú agus a athstruchtúrú san fhadtéarma chun oiriúnú don timpeallacht trádála athraithe faoin TCA.
Chuir na Comharchumainn in iúl go bhfuil siad ag pleanáil tionscnaimh fhadtéarmacha maidir leis na réimsí a bhaineann le achmhainneacht próiseála a mhéadú ar an láthair, deiseanna breisluacha, lóistíocht feabhsaithe agus comhar méadaithe chun a ngnóthaí a dhaingniú agus a fheabhsú. Ní mór do na comharchumainn a léiriú gurb é an TCA an chúis atá leis an laghdú seo ar láimhdeachas maidir le soláthar laghdaithe stoc a bhfuil tionchar díreach ag laghduithe cuóta orthu. Tá an tacaíocht deartha chun sreabhadh airgid a chobhsú agus oibríochtaí a oiriúnú do na socruithe trádála nua leis an RA.