Buaileann an tAire Sláinte le Grúpaí Abhcóideachta Ortaipéideacha Péidiatracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tráthnóna inniu le grúpaí abhcóideachta othar chun éisteacht lena gcúiseanna imní, agus chun cur síos níos mionsonraithe a dhéanamh ar na pleananna chun amanta feithimh a laghdú do leanaí agus do dhéagóirí atá ag fanacht le máinliacht d’fhadhbanna sláinte mar Spina Bifida agus Scolóis.
Bhuail an tAire leis an nGrúpa Líonra Abhcóideachta Scolóise (SANG) agus ionadaithe ón nGprúpa Abhcóideachta Péidiatrach Spina Bifida agus Hidriceifealas (SPHPAG). Thug an tAire Donnelly breac-chuntas ar an bplean chun gníomhaíocht a mhéadú go suntasach ar fud Sráid Temple, Cromghlinn agus Leanaí Cheapaí, chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí an chóireáil atá de dhíth orthu gan mhoill.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Molann an tionscnamh tábhachtach seo leibhéil ghníomhaíochta uaillmhianacha breise a oibreoidh chun líon na leanaí atá ag fanacht le gnáthaimh ortaipéideacha droma (scolóis agus spina bifida) a laghdú faoi dheireadh na bliana. Is fianaise bhreise é an tionscnamh de thiomantas an Rialtais seo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá le sárú ag na leanaí seo. Tá maoiniú reatha agus caipitil araon curtha ar fáil, agus díreofar infheistíocht bhreise trí chiste an phlean ghníomhaíochta um liosta feithimh 2022 chun rochtain bhreise obrádlainne a sholáthar ag Sráid Temple agus ag Cromghlinn, chomh maith le hacmhainn diagnóiseach MRI a thabhairt i bhfeidhm i mbliana ag an dá shuíomh. Tacóidh tuilleadh gníomhaíochta agus liostaí obrádlainne péidiatracha ag Ospidéal Cheapaí le seirbhísí ortaipéideacha péidiatracha chomh maith, agus beidh siad mar chuid de na pleananna chun amanta feithimh ortaipéideacha a fheabhsú i mbliana.”
Is féidir tuilleadh eolais maidir le gníomhartha chun amanta feithimh ortaipéideacha péidiatracha a fheabhsú i 2022 a fháil i bpreasráiteas na seachtaine seo caite.