Cuireann na hAirí Sláinte fáilte roimh an gcinneadh go n-óstálfar an Chomhdháil Dhomhanda ar an mBeartas Alcóil i mBaile Átha Cliath
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, fáilte inniu roimh an bhfógairt gur roghnaíodh Éire mar láthair don chéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an mBeartas Alcóil sa bhliain 2020.
Tionóltar an Chomhdháil gach dhá bhliain agus is é téama an 6ú comhdháil seo ná Cothromas Alcóil agus Sláinte Dhomhanda: tairbhe an rialaithe alcóil ó thaobh forbairt inbhuanaithe do chách.
Beidh an Chomhdháil ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta 2020 agus tabharfar le chéile inti déantóirí beartais, taighdeoirí agus tathantóirí, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus cleachtóirí ionas gur féidir leo a gcuid saineolais ar shaincheisteanna alcóil a chomhroinnt lena chéile.
Ag fáiltiú roimh an bhfógairt dó, dúirt an tAire Harris:
“Léirigh achtú an Bhille Sláinte Poiblí (Alcól) don domhan go bhfuil Éire dáiríre faoi dhul i ngleic leis an dochar a dhéanann alcól sa tír seo.
“Aithníodh an tiomantas sin trí chuireadh a thabhairt dúinn an chéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an mBeartas Alcóil a óstáil.
“Tabharfaidh an chomhdháil sárdheis dúinn treisiú leis an teachtaireacht sláinte poiblí maidir le halcól agus an dea-chleachtas ó gach cuid den domhan a chomhroinnt maidir le dul i ngleic leis an tsaincheist thábhachtach seo.
“Is eol dúinn go bhfuil caidreamh againne sa tír seo leis an alcól nach bhfuil go maith, a dhéanann damáiste dár sláinte agus a dhéanann dochar dár bpobail agus do lear teaghlach. Cé go ndearnamar dul chun cinn suntasach ina leith sin cheana féin, tá cuid mhór le déanamh againn go fóill agus is féidir leis an gcomhdháil seo cabhrú linn leanúint le dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo.”
Dúirt an tAire Byrne,
“Tá lúcháir orm go n-óstálfaidh Baile Átha Cliath an Chomhdháil Dhomhanda ar an mBeartas Alcóil sa bhliain 2020. Tugadh móraitheantas cheana féin don chur chuige forásach sláinte poiblí a ghlacaimid i leith dul i ngleic leis an úsáid dhochrach a bhainimid in Éirinn as alcól. Faoinár reachtaíocht nua, tabharfaimid bearta isteach i mbliana chun laghdú a dhéanamh ar a infheicthe atá alcól, go háirithe do leanaí. Beidh téama na comhdhála an bhliain seo chugainn ag teacht leis an bhfís atá lenár ‘gCreat náisiúnta Éire Shláintiúil’, is é sin, sochaí a chruthú inar féidir le gach duine dea-shláinte fhisiciúil agus dea-mheabhairshláinte a bheith acu.
CRÍOCH
An Comhaontas Domhanda um an mBeartas Alcóil
Is é is an Comhaontas Domhanda um an mBeartas Alcóil (‘GAPA’) ann ná líonra eagraíochtaí neamhbhrabúis agus daoine a oibríonn i ngníomhaireachtaí sláinte poiblí a chomhroinneann faisnéis faoi shaincheisteanna alcóil agus a thacaíonn le beartais fhianaisebhunaithe alcóil atá saor ó leasanna tráchtála. Is é atá sa mhisean ná “an dochar a bhaineann le halcól a laghdú ar fud an domhain trí chur chun cinn a dhéanamh ar bheartais eolaíochtbhunaithe atá neamhspleách ar leasanna tráchtála”.
An tAcht Sláinte Poiblí (Alcól), 2018
Achtaíodh an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) an 17 Deireadh Fómhair 2018 agus tosaíodh ón 12 Samhain 2018 i leith 23 cinn den 31 fhoráil atá istigh ann, lena n-áirítear chun foráil a dhéanamh do na nithe seo:
Ón 12 Samhain 2019 i leith:
Ón 12 Samhain 2020 i leith:
I gcás asraonta miondíola measctha, is teoranta do cheann amháin díobh seo a leanas a bheidh táirgí alcóil agus fógraíocht alcóil:
De bhreis air sin, féadfar táirgí alcóil a choimeád in aonad taobh thiar den chuntar ach ní mór iad a bheith ceilte.
Ón 12 Samhain 2021 i leith: