Borradh faoin mhaoiniú do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt fógartha ag an Aire Thomas Byrne
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Borradh faoin mhaoiniú do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt fógartha ag an Aire Thomas Byrne
• Os cionn €2 milliún leithdháilte faoin Chiste Lasmuigh Pobal Páirteach ar 30 comhpháirtíocht spóirt
• Ciste deartha chun tacú le hinfreastruchtúr spóirt lasmuigh gan bhacainn a chur isteach le haghaidh úsáide poiblí i suíomhanna pobail áitiúil
D’fhógair an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, inniu (Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair) na leithdháiltí a dhéanfar faoin Chiste Lasmuigh Pobal Páirteach nua.
Leithdháileadh €2.26 milliún san iomlán ar 30 comhpháirtíocht áitiúla spóirt ar fud na tíre chun tacú le hinfreastruchtúr spóirt buan a cheannach agus a chur isteach ar thalamh poiblí le haghaidh úsáid an phobail.
I gcomhréir leis an sprioc sa Chlár Rialtais maidir le leibhéal rannpháirtíochta foriomláine sa sport de 60% a bhaint amach faoi 2027, tá an ciste deartha chun gníomhaíocht fhisiciúil a spreagadh i suíomhanna pobail áitiúil trína bheith ag tacú le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt le forbairt tionscadal spóirt gan bhacainn ar thalamh ar a bhfuil rochtain ag an phobal.
Tá na leithdháiltí á maoiniú ag an Roinn agus á riar ag Spórt Éireann. Samplaí den chineál tionscadal lena bhfuiltear ag tacú faoin Chiste ná cúirteanna cispheile 3x3, táblaí sacair lasmuigh, leadóg bhoird, agus treallamh aclaíochta lasmuigh.
Agus é ag fógairt na leithdháiltí inniu, dúirt an tAire Byrne:
“Is cúis áthais dom na chéad leithdháiltí faoin gCiste Lasmuigh Pobal Páirteach a fhógairt, lena ndéanfar tairbhe do gach Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt ar fud na tíre. Is ciste nua é seo a bhfuil mar aidhm leis leibhéil rannpháirtíochta a mhéadú i suíomhanna pobail áitiúil trína bheith ag cabhrú le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt le hinfreastruchtúr spóirt gan bhacainn a cheannach agus a shuiteáil.
Mar Rialtas, táimid ag iarraidh ár leibhéil rannpháirtíochta sa spórt agus sa ngníomhaíocht fhisiciúil a uasmhéadú a mhéid agus is féidir. Ba chor cinniúnach é Buiséad 2025 do spórt na hÉireann agus ár n-aidhm chun an buiséad spóirt a mhéadú faoi dhó i gcomparáid le leibhéal 2018 bainte amach againn dhá bhliain roimh an sprioc.
Is sampla eile é an Ciste Lasmuigh Pobal Páirteach dár n-obair chun borradh a chur faoinár leibhéil rannpháirtíochta agus tá muinín agam go dtiocfaidh sé leis an leas pobail ollmhór atá déanta cheana féin faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail agus an Ciste d’Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt as a n-obair chun na tionscadail spóirt seo a thabhairt chun tosaigh agus táim ag tnúth go mór lena gcríochnú ar mhaithe lena bpobail. Táim an-bhuíoch do Spórt Éireann freisin as an gciste a riar.”
Ba cheart aon cheisteanna a bhaineann leis an chiste a chur chuig participation@sportireland.ie
CRÍOCH
Nótaí
Tá sonraí faoi na tionscadail aonair atá á maoiniú ar fáil anseo