Cúnamh breise ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers do theaghlaigh Ghaeltachta chóras na gColáistí Gaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus é ar chuairt inniu (7 Deireadh Fómhair) ar Ghaeltacht na Gaillimhe d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht agus Spóirt, Príomh-Aoire an Rialtais, Jack Chambers T.D, go bhfuil méadú beagnach 10% nó €1 ceadaithe aige ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gColáistí Gaeilge.
Ciallaíonn sé seo go mbeidh €12 in ionad €11 in aghaidh na hoíche in aghaidh an scoláire iníoctha feasta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tiocfaidh an t-ardú seo i bhfeidhm láithreach.
Tagann an t-ardú seo sna sála ar an ardú €1 nó 10% sa deontas a fógraíodh níos túisce i mí Márta – rud a fhágann gur ionann an dá ardú agus ardú beagnach 20% a bheith curtha le deontas na scéime ó bhí mí Feabhra ann.
Ina theannta sin, tá fógartha ag an Aire Stáit go bhfuil an deontas tosaithe aon-uaire atá iníoctha do theaghlaigh a chláraíonn faoi scéim na Roinne den chéad uair á mhéadú ó €2,000 go €6,000 - nó 80% den chostas inghlactha cibé acu is lú.
Fágann sé seo ar fad go mbeidh cistíocht bhreise ar fiú tuairim is €820,000 á cur ar fáil ag an Roinn ar leas lucht lóistín chóras na gcoláistí, agus ar leas lucht stiúrtha agus freastail na gcoláistí dá réir.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is údar áthais dom a bheith in ann na beartais bhreise seo a fhógairt inniu ar leas chóras na gcoláistí Gaeilge. Bíonn na céadta teaghlaigh fud fad na Gaeltachta ag cur lóistín ar fáil le cúnamh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge agus bainfidh siad uilig leas as an ardú eile seo – an dara ardú i ndeontas na scéime i mbliana. Tá na teaghlaigh seo mar chuid lárnach de chóras na gColáistí ar ndóigh agus is ar na teaghlaigh sin dá réir a mbíonn iarrachtaí na Roinne dírithe den chuid is mó chun cabhrú leis an earnáil go ginearálta i dtéarmaí airgeadais de. Cabhróidh an t-ardú atá fógartha agam le teaghlaigh atá cláraithe cheana féin faoi scéim na Roinne chomh maith ar ndóigh le teaghlaigh nua a mhealladh isteach sa chóras – rud a chabhróidh go mór le coláistí a bheith in ann feidhmiú go bisiúil.”
Cuirfear arduithe pro-rata ar an deontas laethúil atá iníoctha faoi scéim na Roinne maidir leis na tograí faoi leith dar teideal ÁRAINN Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta (tuilleadh eolais thíos).
Is é cuspóir foriomlán na mbearta seo ná tacú tuilleadh leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht i gcomhréir le bearta ábhartha an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge.
Nóta don Eagarthóir
Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1m foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972.
De thoradh an ardaithe atá fógartha, beidh ciste foriomlán ar fiú tuairim is €5.5m á infheistiú go bliantúil feasta ag an Roinn ar leas na hearnála.
Ardú an deontais go dtí €12 - sampla ar thionchar an ardaithe ar theach a mbíonn 12 foghlaimeoirí ar iostas leo
• 12 foghlaimeoirí x 22 lá x 3 chúrsa trí seachtaine x €1.00 = €792.00
Seo a leanas sonraí faoi na harduithe pro-rata a chuirfear i bhfeidhm maidir leis na deontais eile faoi leith a íoctar faoi scáth foriomlán na scéime:
DEONTAS LAETHÚIL | RÁTA 2019 | ARDÚ [MÁRTA 2022] | ARDÚ [D FÓMHAIR 2022] | |||
Gnáthchúrsaí | €10 | €11 | €12 | |||
Brú/lóistín coláiste | €5 | €6 | €7 | |||
ERASMUS Gaeltachta | €17 | €19 | €21 | |||
ÁRAINN Gaeltachta | €27 | €30 | €33 |
Tá na figiúirí bunaithe ar ráta 9.09%
Níor mhiste a lua i gcás ERASMUS Gaeltachta agus ÁRAINN Gaeltachta faoi seach go n-íoctar deontas laethúil atá níos airde ná an gnáth dheontas le tógáil san áireamh nach mbíonn ar iostas de ghnáth in aon teach faoi leith i gcás na gcúrsaí sin ach líon beag scoláirí i gcomparáid le 12 scoláire i leith na gnáth chúrsaí samhraidh agus go gcuimsítear dá réir an ghné den scéal a bhaineann le barainneacht scála (economies of scale) sa leibhéal deontais atá iníoctha sa dá chás seo.
Maidir leis an deontas tosaithe aon-uaire ar fiú €6,000 é nó 80% den chostas inghlachta cibé acu is lú:
Is thar tréimhse trí bliana a bheidh an deontas á íoc do theaghlaigh a chláraíonn den chéad uair faoi scáth na scéime. Glacfar le hiarratais ina leith tar éis 1 Samhain 2022 agus scaipfear foirm iarratais agus leathán eolais ina leith roimhe sin. Is iad na rudaí a leanas go ginearálta a bheidh inghlactha chun críche an deontais (déanfar rianú beacht ar cad a bheidh inghlactha chun críche deontais san fhoirm iarratais a scaipfear go luath):
• na costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin a dhéanamh ar an teach;
• Earraí maolaithe baol dóiteáin ie. aláram dóiteáin, soilse éigeandála, staighrí éalaithe seachtracha;
· leapacha nua
Tá na gníomhartha seo mar chuid de shraith níos leithne de bheartais atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn ó 2021 chun tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh.
Ardú 10% ar dheontas laethúil Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Feabhra 2022:
Gearrchúrsaí Gaeltachta nach lú ná 3 lá le bheith aitheanta mar eisceacht i mbliana chun tacú tuilleadh le hathoscailt na gColáistí Gaeilge
Deireadh Fómhair 2021:
Cúnamh faoi leith do Choláistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers https://www.gov.ie/ga/preasraitis/55f0d-cunamh-faoi-leith-do-cholaisti-samhraidh-fogartha-ag-an-aire-martin-agus-ag-an-aire-stait-chambers/
Iúil 2021:
Ciste Cobhsaithe €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit Chambers https://www.gov.ie/ga/preasraitis/4b2fe-ciste-cobhsaithe-240000-do-hallai-pobail-na-gaeltachta-fogartha-ag-an-aire-stait-chambers/
Iúil 2021:
Ciste Cobhsaithe do mhná tí na gColáistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers https://www.gov.ie/ga/preasraitis/a89ae-ciste-cobhsaithe-do-mhna-ti-na-gcolaisti-samhraidh-fogartha-ag-an-aire-martin-agus-ag-an-aire-stait-chambers/
Bunaíodh dhá chiste faoi leith chomh maith in 2020; sonraí ar fáil ar shuíomh na Roinne.