Conradh bronnta ag an Aire Stáit O’Donovan chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar 10 bplean teanga
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012
Fód a chasadh don gTeic nua i Ráth Chairn
D’fhógair an Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., agus é ar chamchuairt ar Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí inniu go bhfuil conradh bronnta ar an gcomhlacht Barr Feabhais Teo. chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga lena mbaineann chun a chinntiú go gcuirfear an t-aiseolas is fearr gur féidir faoi feidhmiú na bpleananna ar fáil.
Agus é i Ráth Chairn, chás an tAire Stáit O’Donovan an fód ar láthair an gTeic nua atá le tógáil ansin. Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a bheith ag casadh an fhóid ar gTeic nua do Ghaeltacht na Mí. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do dhaoine sa limistéar Gaeltachta seo agus tá súil go ndéanfaidh an áis seo daoine a spreagadh chun smaoineamh ar fhilleadh ar an nGaeltacht, nó fiú gnó a bhunú anseo. Tá forbairtí mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachtaí nua atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas maidir leis an gcianobair agus obair chumaisc.”
Nochtaigh Údarás na Gaeltachta coincheap na gTeiceanna in 2018, roimh phaindéim COVID-19, le béim nua ar chianoibriú tuaithe. B’é an smaoineamh a bhí le gréasán de spásanna oibre digiteacha a chur ar fáil ná go gcuirfí áiteanna ar fáil do ghnóthaí nua-thionscanta, lucht forbartha coincheapa agus áiseanna cianoibre do dhaoine a bhí ag iarraidh cur fúthu sa nGaeltacht.
Thapaigh an tAire Stáit an deis chomh maith cuairt a thabhairt ar an Ionad Cúram Leanaí sa cheantar sin mar aon le hoifigí an Comharchumann, Fhoras na Gaeilge agus Ghlór na nGael.
Dúirt an tAire Stáit:
“Is cúis sásaimh dom é go raibh an deis seo agam cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Ráth Chairn. Is iontach go bhfuil an oiread sin gníomhaíochtaí, eagraíochtaí agus daoine anseo atá ag obair as láimh a chéile chun tacú leis an gceantar bríomhar Gaeltachta seo. Is léir go bhfuil tacaíocht den scoth á tabhairt don teanga anseo agus tréaslaím le gach duine atá ag glacadh páirt gníomhach san obair leanúnach sin.”