Tugann an tAire Donohoe dá aire an bealach imeachta don Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, d’fhostóirí inniu (Déardaoin) go bhfuil tús curtha le bealach imeachta céimnithe don Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF). Ón 1 Feabhra 2022 ar aghaidh, aistríonn formhór na ngnólachtaí go dtí an ráta laghdaithe seachtainiúil tacaíochta de €203 in aghaidh an fhostaí do mhí Feabhra agus, ina dhiaidh sin, go dtí fóirdheontas ráta chomhréidh de €100 in aghaidh an fhostaí don dá mhí dheireanacha den scéim i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2022.
Mar a fógraíodh ar an 21 Eanáir 2022, leanfaidh gnólachtaí a bhaineann leas as SFPF, a raibh tionchar díreach ag rialacháin sláinte poiblí mhí na Nollag seo caite orthu, de na rátaí fóirdheontais feabhsaithe a fháil do mhí Feabhra, agus cuirfear moill míosa ar an éirí as céimnithe i rátaí fóirdheontais agus leanfaidh na gnólachtaí sin de thacaíocht a fháil faoin scéim go dtí an 31 Bealtaine 2022.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Donohoe:
“Is cuid shubstaintiúil agus lárnach de fhreagra an Rialtais seo ar an ngéarchéim reatha í an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta. Idirghabháil bheartais thar a bheith rathúil a bhí ann, a chuidigh go mór linn an nasc idir fostóirí agus fostaithe a choinneáil.
Gan tacaíocht SFPF, ní bheadh a lán gnólachtaí ann inniu agus is cinnte nach mbeadh siad in ann oiriúnú chomh freagrúil agus ar éirigh leo d’athoscailt gach earnáil dár ngeilleagar. Feidhmíonn an SFPF mar ionstraim an-éifeachtach agus freagrúil. Ag an am céanna, ní mór dúinn iarracht a dhéanamh a chinntiú go dtarraingeofar siar é ag an am ceart.
Táimid ag aistriú ár bhfócas anois chuig imeacht céimnithe ón scéim, atá ag tosú an mhí seo d’fhormhór na ngnólachtaí agus iad ag aistriú chuig na rátaí laghdaithe fóirdheontais. Leanfaidh na gnólachtaí, a raibh tionchar díreach ag na rialacháin sláinte poiblí is déanaí i mí na Nollag seo caite orthu, ag fáil na rátaí tacaíochta feabhsaithe do mhí Feabhra agus cuirfidh siad tús leis an aistriú chuig na rátaí laghdaithe fóirdheontais ón 1 Márta 2022 ar aghaidh.
Mar a dúirt mé cheana, tá sé tábhachtach ar mhaithe le gach duine go n-imímid as an scéim seo agus creidim gurb é an t-am cuí anois chun tús a chur leis an aistriú sin.”
Críoch
Nóta d’Eagarthóirí
Is cuid shubstaintiúil agus lárnach é an SFPF d’fhreagairt an rialtais ar an bpaindéim. Mar chuid de Bhuiséad 2022, chomhaontaigh an Rialtas todhchaí an SFPF lena n-áirítear a straitéis imeachta céimnithe. Feabhsaíodh na socruithe seo ina dhiaidh sin mar fhreagra ar an staid sláinte poiblí, go háirithe an síneadh ar na rátaí feabhsaithe fóirdheontais ar feadh dhá mhí eile (idir Nollaig 2021 agus Eanáir 2022) agus athoscailt na scéime do ghnólachtaí áirithe mar a fógraíodh ar an 9 agus 21 Nollaig 2021 faoi seach.
Fógraíodh feabhsú breise ar an 21 Eanáir 2022 do ghnólachtaí a raibh tionchar díreach ag téarmaí sonracha na rialachán sláinte poiblí, a cuireadh i bhfeidhm i mí na Nollag seo caite, orthu, agus cuirfear síneadh ama mí amháin leis na socruithe éirithe as céimithe do na gnólachtaí sin. Tá fostóirí a dhéanann iarratas ar an bhfeabhsú seo ag féindearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil siad incháilithe agus go gcomhlíonann siad na critéir chuí. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceálacha comhlíonta a dhéanamh ar na fostóirí sin. Táthar ag súil le go nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le hiarratais dá leithéid faoi dheireadh na seachtaine seo (Dé hAoine 4 Feabhra).
De bharr a nádúir, is scéim é an SFPS atá dírithe ar an éileamh agus tá an costas á spreagadh ag líon na bhfostóirí agus na bhfostaithe a fhaigheann tacaíocht ón scéim. Léiríonn na sonraí is déanaí ó na Coimisinéirí Ioncaim (27 Eanáir) gur deonaíodh íocaíochtaí de bheagnach €6.3 billiún agus creidmheas ÁSPC de €976 milliún do 51,900 fostóir i leith timpeall 710,000 fostaí.
Do mhí na Nollag (na sonraí míosúla is déanaí atá ar fáil), bhain 24,000 fostóir leas as SFPS i ndáil le beagnach 280,000 fostaí; fuair na fostóirí fóirdheontais de bheagnach €375 milliún agus creidmheas ÁSPC os cionn €55 milliún.
Maidir le miondealú na tacaíochta ar bhonn earnála, tá íocaíochtaí os cionn €1.7 billiún faighte ag earnáil na seirbhísí cóiríochta agus bia (an earnáil fáilteachais den chuid is mó) ó tugadh isteach an scéim, an sciar is mó thar na hearnálacha go léir ag 27.5%. Fuair an earnáil trádála mórdhíola agus miondíola íocaíochtaí SFPS de thart ar €780 milliún (12.4% de na híocaíochtaí go léir), agus ina dhiaidh sin fuair an earnáil tógála íocaíochtaí SFPS de bheagnach €523 milliún (8.4%).
Bunaithe ar shonraí sealadacha do mhí na Nollag bainte le líon na bhfostaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón SFPS, is í an tairbhí is mó ná earnáil na seirbhísí cóiríochta agus bia (thart ar 117,500 fostaíocht nó 42%), agus trádáil mhórdhíola agus mhiondíola ina dhiaidh sin (thart ar 25,000 fostaíocht nó 9%).
Mar a d’fhógair an Rialtas ar an 21 Nollaig, d’athosclófaí an SFPS do ghnólachtaí áirithe agus thabharfadh sé deis do ghnólachtaí den sórt sin ath-cháiliú don scéim sa chás go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Tugann sonraí sealadacha le fios go bhfuil beagnach 250 fostóir tar éis athchlárú don SFPS maidir le beagnach 4,800 fostaí, a bhfuil a bhformhór san earnáil fáilteachais.