Cead Na Dála Faighte Ag An Aire Keogh Chun Óglaigh Na Héireann A Imscaradh Ar Mhisean Cabhlaigh An Ae - Oibríocht Sophia
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire a bhfuil Freagracht air do Chosaint, an tUasal Paul Kehoe, T.D., cead na Dála inniu meitheal de chuid na mBuan-Óglach a imscaradh mar chuid d'oibríocht chabhlaigh an AE sa Mheánmhuir, Oibríocht Sophia EUNAVFOR MED.
Ag cruinniú an Rialtais Dé Máirt (11ú Iúil 2017) ghlac an Rialtas le moladh an Aire Kehoe maidir le socrú a dhéanamh chun meitheal na seirbhíse cabhlaigh atá ag fónamh sa Mheánmhuir faoi láthair faoi 'Oibríocht Pontus' a aistriú chuig Comh-mhisean Slándála agus Beartas Cosanta an AE, Oibríocht Sophia'.
Tá cead faighte anois ó na Náisiúin Aontaithe, ón Rialtas agus ón Dáil, trí chead atá bunriachtanach sula ndéantar Óglaigh na hÉireann a imscaradh mar chuid d'Fhórsa idirnáisiúnta thar lear.
Nuair a aistreofar árthaí Seirbhíse Cabhlaigh na hÉireann chuig Oibríocht Sophia, is i mbun oibríochtaí slándála agus sáraithe a bheidh siad seachas oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála mar a bhí.
Is é cinneadh an Rialtais an tSeirbhís Chabhlaigh a aistriú chuig Oibríocht Sophia ag am cuí agus d'fhéadfadh go dtógfadh an obair ullmhúcháin dhá mhí.
Dúirt an tAire i ndáil le cinneadh an Rialtais, "Chomh maith le rannpháirteacht na hÉireann sna hoibríochtaí daonnúla sa Mheánmhuir go dtí seo, beidh an tír seo ag tabhairt aghaidh anois freisin ar roinnt de na cúiseanna a bhfuil géarchéim imirceach agus gáinneáil ar dhaoine ag tarlú."
Dúirt an tAire freisin agus é ag tagairt don rath atá ar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála na Seirbhíse Cabhlaigh sa Mheánmhuir le trí bliana anuas agus os cionn 16,800 imirceach tugtha slán "Tá an Rialtas thar a bheith bródúil as an tslí a bhfuil an tSeirbhís Chabhlaigh i mbun a cuid dualgas sa Mheánmhuir."
CRÍOCH