Taoiseach – Ní mór go mbeadh cosaint dhaonra sibhialta na Siria agus aistriú síochánta ina phríomhthosaíocht
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an Taoiseach Simon Harris go gcuirtear fáilte roimh thitim dheachtóireacht Assad sa tSiria, ach go gcaithfeadh an domhan gníomhú anois chun cosc a chur le hanord agus tíorántacht a líonfadh an folús.
Dúirt an Taoiseach:
“Tá na radharcanna a fheicimid ar fud Syria, sa Damaisc san áireamh, fíor-stairiúil. Le fada an lá, ba mhian le mhuintir na Siria todhchaí atá saor ó aonrú agus atá caidreamh normalaithe iomlán lena gcomharsana agus le cumhachtaí an domhain i bhfeidhm. Caithfidh gurb é sin anois sprioc na NA, Léig na nArabach agus sinn san Aontas Eorpach.
“Sna laethanta, seachtainí agus míonna atá le teacht, ní mór go mbeadh cosaint ar bheatha na sibhialtach agus bhonneagar agus meas á leiriú don dlí idirnáisiúnta ríthábhachtach. Táimid ag caint faoi thír ina bhfuil breis is 23 milliún duine brúidithe le cogadh, sceimle agus le blianta fada deachtóireachta.”
Dúirt an Taoiseach freisin:
“Chuir Óglaigh na hÉireann críoch le deich mbliana de choimeád na síochána trí UNDOF sa tSiria níos luaithe i mbliana agus ba léir dúinn, le linn an ama a chaithimid sa tír, an fhulaingt agus an cruatan a chuir muintir na Siria suas leis. Tá deis ann anois a thagann aon uair amháin sa ghlúin le haghaidh athrú réime. Ní mór go gcinnfeadh na Siriaigh todhchaí na Siria trí aistriú síochánta chomh maith le toghcháin shaora agus chothroma.”
CRÍOCH