Seolann OOP Samhail Treorach Nua do Scéimeanna Cosanta Tuilte i mBaile Dhún na nGall agus i Leitir Ceanainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan TD, inniu [2 Bealtaine] go bhfuil tús á chur anois le scéimeanna cosanta tuilte do Bhaile Dhún na nGall agus do Leitir Ceanainn le maoiniú ó Oifig na nOibreacha Poiblí do thriúr foirne breise innealtóireachta agus bainistíochta tionscadail do Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Tugann an maoiniú do na scéimeanna seo deis d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) samhail nua seachadta le haghaidh scéimeanna cosanta tuilte a thriail in éineacht le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Ag labhairt dó ag seoladh na treoirscéime i Leitir Ceanainn inniu, dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá a fhios agam go bhfuil na pobail seo ag fanacht le tamall le go gcuirfear tús le hobair ar scéimeanna cosanta tuilte ina gceantair. Tá taithí fhada ar thuilte ag na pobail seo agus tá tuilte tar éis scrios a dhéanamh. Is cúis mhór imní é do theaghlaigh, don lucht gnó agus don phobal i gcoitinne.”
Dúirt sé, leis:
“Tá OOP agus na húdaráis áitiúla ag obair i dtimpeallacht an-dúshlánach chun clár na scéimeanna cosanta tuilte a sholáthar agus a leathnú, mar gheall ar shrianta acmhainní i margadh atá thar a bheith speisialaithe agus gairmiúil. Laistigh de na srianta acmhainne atá ann faoi láthair, agus ó na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo, cuirfidh samhail soláthair nua atá á triail do Bhaile Dhún na nGall agus do Leitir Ceanainn bearta tábhachtacha um chosaint ar thuilte ar fáil do na bailte seo agus beidh sé mar bhonn eolais chun an chéad tráinse eile de 60 scéim cosanta tuilte a sholáthar go héifeachtach ar fud na tíre.”
Chuir John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, fáilte roimh fhógra an lae inniu:
“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus lena chuid oifigeach as an gcéim dhearfach seo a ligfidh do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí leanúint ar aghaidh leis an gcaidreamh láidir oibre a bunaíodh trí scéimeanna cosanta tuilte leanúnacha sa chontae. Fáiltím roimh an deis samhail nua seachadta a phíolótú do Bhaile Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn, rud a neartóidh ár dtiomantas chun cosaint tuilte iomlánaíoch agus athléimneach ó thaobh na haeráide a sholáthar dár bpobail.”
Chuir Liam Blaney, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, fáilte roimh an scéala do mhuintir Leitir Ceanainn agus Bhaile Dhún na nGall:
“Tá cur amach ag an Leas-Chathaoirleach agus agam féin go díreach ar na pobail a bhí thíos le tuilte san am a chuaigh thart. Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh le rannpháirtíocht dhearfach OOP maidir le seachadadh tráthúil na scéimeanna cosanta tuillte seo.”
Cheadaigh infheistíocht an Rialtais i gcosaint tuilte de €1.3 billiún go dtí 2030 faoin bPlean Forbartha Náisiúnta don Stát líon na scéimeanna cosanta tuilte atá á ndearadh agus á dtógáil a mhéadú faoi thrí go 90. In éineacht leis an 12,500 teach agus gnó atá cosanta cheana féin ag scéimeanna cosanta tuilte i 53 pobal ar fud na tíre, tá obair críochnaithe nó idir lámha ag an OOP agus ag na húdaráis áitiúla chun 80 faoin gcéad de réadmhaoin atá i mbaol a chosaint.
Tá cúigear ball foirne á maoiniú ag OOP anois i gComhairle Contae Dhún na nGall atá tiomanta do scéímeanna riosca tuilte a bhainistiú, i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí, in dhá phobal déag i nDún na nGall.
D’aibhsigh an tAire gurb é ceann de na ceachtanna tábhachtacha ón tsamhail soláthair reatha ná an t-am a thógann sé na sonraí riachtanacha a bhailiú ar chúiseanna le tuilte agus ar thírdhreach pobail atá i mbaol. Aistreofar leis an gclár píolótach bainistiú an bhailiúcháin sonraí, mar chéad chéim i ndearadh scéime, ó innealtóirí comhairleacha do scéim amháin go dtí na húdaráis áitiúla le haghaidh na scéimeanna go léir laistigh dá réimsí freagrachta.
Ciallaíonn an treoirscéim gur féidir bailiú sonraí a mhéadú ó phobail aonair go dtí gach scéim i gcontae. Chomh maith le barainneachtaí scála a thabhairt, is féidir leis na sonraí a bhailítear eolas a chur ar fáil trínar féidir tús áite a thabhairt do scéimeanna agus do raon na seirbhísí a theastaíonn ó chomhairleoirí chun scéimeanna cosanta tuilte a dhearadh agus a thógáil.
Beidh scéimeanna in Achadh Úr agus i mBaile an Phoill i gContae Chill Chainnigh i gceist leis an tsamhail seachadta píolótach náisiúnta freisin.
Soláthraíonn siad seo suíomhanna iontacha chun an cur chuige nua seo a thriail mar gheall ar scála na bpobal atá le cosaint agus mar chontaetha atá nochta do bhaol tuilte ó aibhneacha, taoidí agus an cósta.
Tá thart ar 75 scéim cosanta tuilte ag céim an dearaidh faoi láthair. Sna hocht mí dhéag atá le teacht den treoirscéim seo, tá go leor de na scéimeanna seo ullamh le bogadh tríd an bpleanáil agus go dtí an tógáil. Ba cheart go scaoilfeadh sé seo acmhainní chun tús a chur le go leor de na 60 scéim atá fós le tosú faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.
Phléigh Oifig na nOibreacha Poiblí le déanaí le Stiúrthóirí Seirbhísí na n-údarás áitiúil sa tír an bhfuil an tsamhail seachadta reatha ar an tsamhail seachadta is fearr le glacadh don chéad bhabhta eile scéimeanna. Tá an clár píolótach ag glacadh leis na deiseanna aitheanta chun éifeachtúlachtaí a fheabhsú agus chun amlínte a laghdú laistigh den tsamhail reatha. Trí mheasúnú ar luach ar airgead agus trí phlé leanúnach le hearnáil na n-údarás áitiúil, beidh an tsamhail phíolótach mar bhonn eolais leis an gcur chuige náisiúnta i leith seachadadh scéimeanna cosanta ar thuilte amach anseo. Déanfaidh Grúpa Stiúrtha faoi cheannas Oifig na nOibreacha Poiblí maoirsiú ar an treoirscéím.
Beidh grianghraif de chuairt an Aire ar Leitir Ceanainn ar fáil ó Clive Wasson Photography ( info@clive.ie ).
Gheofar tuilleadh eolais nó is féidir agallamh le hurlabhraí a iarraidh ach scríobh chuigi an bPreasoifig ag pressoffice@opw.ie .
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Faoi láthair, tá dhá scéim cosanta tuilte déag á ndearadh ar fud Dhún na nGall atá le dul i mbun pleanála mar seo a leanas:
Tá Scéimeanna Cosanta Tuilte eile atá beartaithe do Dhún na nGall i gCarn Domhnach, i nDún Fionnachaidh, sna Cealla Beaga agus i Ráth Maoláin.
Tá iniúchadh á dhéanamh ag OOP freisin ar inmharthanacht scéimeanna don Bhun Beag/Doire Beag, Conmhaigh agus Bun an Phobail.