Fógraíonn OPW taispeántas nua ar oscailt ag Caisleán Bhaile Átha Cliath - Vicereines of Ireland: Portraits of Forgotten Women
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh taispeántas nua Vicereines of Ireland: Portraits of Forgotten Women, á oscailt ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ar 31 Bealtaine; léiríonn sé seo den chéad uair conas a d’oibrigh riarachán na Breataine in Éirinn trí shúile na mban a bhí in uachtar, seachas dearcadh na bhfear. Faoi stiúradh an Dr Myles Campbell, tugtar deis radharc a fháil ar shaothar ealaíne ó mháistrí mar Thomas Gainsborough, John Singer Sargent agus Sir John Lavery, cuid mhór acu nach mbíonn de ghnáth ar taispeáint go poiblí, i gcroílár Bhaile Átha Cliath le linn an tsamhraidh, saor in aisce.
Dúirt Cathaoirleach OPW Maurice Buckley:
“Taispeántas tábhachtach stairiúil agus cultúrtha é seo a léiríonn scéal mná céile Fhir Ionaid an Rí in Éirinn. Tugaim cuireadh do chách teacht agus taitneamh a bhaint as na pictiúirí áille anseo ins na Seomraí Stáit, agus eolas a chur ar na mná seo agus an ról a bhí acu in Éirinn a linne.”
Tá éadaí, bláthanna agus seoda le feiceáil ins na portráidí atá ar taispeáint agus taobh thiar díobh tá scéal na mban a bhí chun tosaigh i riarachán na Breataine in Éirinn. I bpáipéir agus i gcuimhneacháin phearsanta, tugann an taispeántas seo léargas ar shaothar na mban seo agus ar a dtuiscint ar easnaimh agus míchothromaíocht riaradh na Breataine in Éirinn – agus, iontas na n-iontas, a n-iarrachtaí um throid ina gcoinne.
Bhí mná céile na bhFear Ionaid chun tosaigh mar shiombail den saol sóisialta, cultúrtha agus carthanachta ag Caisleán Bhaile Átha Cliath tráth den saol. Ba mhinic iad báidhiúil le muintir na hÉireann agus thuig cuid mhór acu gur ceart dóibh tuiscint a fháil ar an dearcadh Éireannach faoi rialú na Breataine. De ghnáth ba Shasanaigh iad na Fir Ionaid ach rugadh cuid de na mná seo in Éirinn – rud a lig dóibh an dearcadh Éireannach a ghlacadh seachas dearcadh na bhfear sa rialtas Breataineach.
In ainneoin na srianta a bhí orthu dhein mná mar Maria, Banmharcas Normanby agus Ishbel, Cuntaois Aberdeen iarrachtai um athruithe agus mhéadaigh ar a dtionchar ar shaol na hÉireann idir na 1660óidí agus tús na 1920idí. Chuireadar tús le feachtais um ospidéil a fhorbairt, bochtaineacht a mhaolú agus faisin na hÉireann a chur chun cinn; uaireanta, chuireadar i gcoinne míchothrmaíochtaí, dar leo, a bhain le rialú na Breatain in Éirinn. Ar an gcaoi seo, caitheann an taispeántas solas ar mhná a ligeadh i ndearmad agus, ón obair a dhein siad agus na tuairiscí a fhágadar ina ndiadh, ar dhreamanna eile in Éirinn a ligeadh i ndearmad agus a fágadh ar imeall an phobail – díleachtaithe, lucht oibre agus bochtáin.
I dteannta an taispeántais tá bailiúchán aistí ó staraithe tosaíocha a d’fhoilsigh Irish Academic Press.
Tá saothar ar iasacht don taispeántas ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, National Trust na Breataine, Músaem Fitzwilliam Cambridge agus an Bailiúchán Ríoga Londain.
-CRÍOCH-
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Tá íomhánna ardchaighdeáin ón taispeántas agus video
Taispeántas: Vicereines of Ireland: Portraits of Forgotten Women
Áit: Na Seomraí Stáit, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2
Dátaí: 31 Bealtaine – 5 Meán Fómhair 2021
Am: Gach lá, 09:45–17:45 (iontráil deiridh 17:15)
Suíomh Gréasáin: dublincastle.ie
Cead Isteach: Saor in aisce
Féadfar an leabhar a ghabhann leis an taispeántas a ordú ar líne ó Irish Academic Press .