D'fhoilsigh McConalogue Plean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D an Plean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe (NSPSA) 2030.
Ag cur fáilte roimh an NSPSA nua, dúirt an tAire,
“Tháinig athrú suntasach ar na dálaí eacnamaíocha agus comhshaoil faoi mar a fheidhmíonn Dobharshaothrú na hÉireann le roinnt blianta anuas. I measc na dtionchar a bhí ar an dóigh a bhfeidhmíonn an tionscal agus an bealach a bheidh air a dhul le feabhsú, tá an feachtas i gcomhair carbón glan-nialasach, tionchar an Bhreatimeachta nó torthaí domhanda an chogaidh san Úcráin.”
Forálann fís an NSPSA do dhobharshaothrú go 2030 earnáil a choinníonn a buntáiste iomaíoch tríd táirgeacht ísealtionchair, fad a bhíonn seasmhacht tráchtála á tógáil tríd nuálaíocht theicniúil agus éagsúlú. Tacaíonn seo, mar sin, le tomhaltóir níos éagsúla agus le margadh atá ailínithe le níos mó aitheantais ar Dhobharshaothrú na hÉireann mar phríomhsholáthróir bia sláintiúil, ísealcharbóin agus inbhuanaithe.
Tháinig fás suntasach ar Dhobharshaothrú na hÉireann ó na 1980nna agus sa lá atá inniu ann táirgeann an earnáil thart ar 40,000 tonna iasc eite agus sliogiasc ardluacha agus iad ag fostú timpeall 1800 duine faoin tuath. Cuireann Dobharshaothrú, ar fiú €175 milliún é i 2021, go mór le táirgiú bia mara agus sábháilteacht an tsoláthair bia.
Lean an tAire ar aghaidh:
“Agus an NSPSA á fhoilsiú tá mé ag cur na mbunchlocha tógála riachtanacha i bhfeidhm chun forbairt inmharthana, brabúsach, iomaíoch agus atá dírithe ar an margadh a dhéanamh ar earnáil an dobharsaothraithe sa dóigh is go bhfuiltear in ann ranníocaíocht Eacnamaíoch agus Sóisialta a dhéanamh dár bpobail chósta agus don tír ar fad, agus Feidhmíocht chomhshaoil a bharrfheabhsú agus tacaíocht a thabhairt don Chaipitil Nádúrtha ar a mbraitheann sé.”
Déanfar an NSPSA, comharba an phlean 2014-2020, á leathnú amach thar deich mbliana go 2030. Tá ceithre cuspóirí ardleibhéil aige -i) tógáil athléimneachta agus iomaíochais, ii) rannpháirtíocht san aistriú glas; iii) glacadh sóisialta agus faisnéis do thomhaltóirí a chinntiú agus iv) eolas agus nuálaíocht a mhéadú - chomh maith le 58 gníomhaíocht mar atá leathadh amach chóras cheadúnais dobharshaothraithe ar líne atá so-úsáidte, fócas níos mó ar leas éisc, tacaíocht le haghaidh nuálaíochta i ndobharshaothrú agus plean cumais daonna a fhorbairt chun an earnáil a chur chun cinn mar rogha gairme tarraingteach agus chun na scileanna cuí atá ag teastáil thar shaolré an phlean a sholáthar.
Chríochnaigh an tAire
“Leagann an plean seo amach an bealach do Dhobharshaothrú na hÉireann chun go mbeadh sé seasmhach, iomaíoch agus chun go mbeadh sé ina chaighdeán domhanda de inbhuanaitheachta agus ardchaighdeán. Le cur i bhfeidhm an phlean seo, creidim go mbeidh earnáil an dobharshaothraithe in ann tógáil ar a buntáiste iomaíoch agus an buntáiste sin a choimeád sa todhchaí.”
Tá an Plean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe (NSPSA) ar fáil ag https://www.gov.ie.ie/en/publication/ece67-national-strategic-plan-for-sustainable-aquaculture-development-2030/
Nótaí d'Eagarthóirí
Is plean ilbhliantúil é an NSPSA a fhorluíonn na ‘treoirlínte Straitéiseacha nua AE le haghaidh dobharshaothrú níos inbhuanaithe agus iomaíocha don tréimhse 2021 go 2030' chomh maith le clárthréimhse an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (2021 go 2027). Mar sin cuireann an NSPSA an fhís straitéiseach agus an creat le haghaidh maoinithe faoi EMFAF ar fáil, chomh maith le tionscnaimh AE agus tionscnaimh náisiúnta.
I ndiaidh don NSPSA a bheith foilsithe bunófar Grúpa Tarmligthe chun na 58 gníomhaíochtaí sonracha a leagadh síos sa phlean a chur ar fáil. Tá tábla de na 58 gníomhaíocht chomh maith leis an achar ama chun iad a chur ar fáil leagtha amach ar Leathnach 9 den phlean.