Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 14 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,835 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 13 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,095 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 45,243* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu tá 232 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 acu sin in ICU. Cuireadh 9 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Inniu, tá líon na gcásanna nua deimhnithe os cionn 1,000. Is cúis mhór imní é seo. Tá ról le himirt ag gach duine againn.
“Ní mór dúinn go léir teagmháil le daoine eile a laghdú a oiread agus is féidir, ciallaíonn sé sin fanacht sa bhaile, obair ón mbaile nuair is féidir, coinneáil amach ó dhaoine eile go fisiceach agus stop a chur le sóisialú lánroghnach."
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Caithfidh daoine roghanna a dhéanamh anois. Stop ag bualadh le chéile i ngrúpaí, stop ag sóisialú, stop ag eagrú coinní súgartha, cóisirí agus gníomhaíochtaí sóisialta eile. Caithfidh daoine a thuiscint go bhfuil an galar ina bhagairt dhíreach dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Caithfimid go léir gníomhú anois."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 13 Deireadh Fómhair 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 13/10/20) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (14 lá go meán oíche an 13/10/20) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (14 lá go meán oíche an 13/10/20) |
NÁISIÚNTA | 1,095* | 190.7 | 9,079 |
An Cabhán | 128 | 571.0 | 435 |
Muineachán | 31 | 360.0 | 221 |
Dún na nGall | 29 | 353.7 | 563 |
An Clár | 22 | 307.2 | 365 |
An Mhí | 185 | 299.9 | 585 |
Corcaigh | 118 | 209.4 | 1,137 |
Sligeach | 14 | 207.5 | 136 |
Luimneach | 28 | 192.4 | 375 |
Ros Comáin | 8 | 189.0 | 122 |
Cill Dara | 63 | 188.3 | 419 |
Baile Átha Cliath | 246 | 185.4 | 2,498 |
Longfort | <5 | 181.0 | 74 |
Loch Garman | 23 | 174.3 | 261 |
Gaillimh | 50 | 174.0 | 449 |
An Iarmhí | 9 | 171.2 | 152 |
Lú | 56 | 153.6 | 198 |
Ciarraí | 14 | 153.0 | 226 |
Liatroim | <5 | 146.7 | 47 |
Uíbh Fhailí | <5 | 142.4 | 111 |
Laois | <5 | 135.8 | 115 |
Cill Chainnigh | 7 | 104.8 | 104 |
Maigh Eo | 13 | 89.7 | 117 |
Tiobraid Árann | 11 | 82.7 | 132 |
Ceatharlach | <5 | 80.8 | 46 |
Cill Mhantáin | 8 | 77.2 | 110 |
Port Láirge | 6 | 69.7 | 81 |
Teastaíonn bailíochtú breise maidir le 13 de chásanna an lae inniu agus níl siad sannta do chontae go fóill.