Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le tíortha 'ardriosca'
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, 18 stát breise le liosta na dtíortha ‘ardriosca’. Ní mór do phaisinéirí a thagann ó na tíortha sin tréimhse éigeantach 14 lá féinchoraintín a dhéanamh.
Faoi Rialacháin a tháinig i bhfeidhm an 4 Feabhra, is féidir leis an Aire Sláinte, ar chomhairle an Phríomhoifigigh Leighis, stáit bhreise a shonrú mar stáit ‘Chatagóir 2’. Tá an Bhrasaíl agus Poblacht na hAfraice Theas ar an liosta ón 5 Feabhra, 2021.
Chuir an Grúpa Maoirseachta Náisiúnta um Athraithigh a bhfuil Imní fúthu tíortha ardriosca breise in iúl.
Chuir an Príomh-Oifigeach Leighis in iúl don Aire Sláinte gur cheart srianta níos déine ar thaisteal a chur i bhfeidhm anois i ndáil leis na stáit seo a leanas:
Dúirt an tAire Donnelly:
"Faoi shrianta reatha Leibhéal 5 níor cheart go mbeadh aon duine ag gabháil do thaisteal neamhriachtanach ag an am seo. Tá na bearta déine seo ar dhaoine a thagann go hÉirinn ó 20 stát riachtanach chun freagairt do na rioscaí a bhaineann le hathraithigh a bhfuil imní fúthu.
“Ní mór do dhaoine a thagann go hÉirinn anois tréimhse éigeantach iomlán 14 lá féinchoraintín a dhéanamh má bhí siad in aon cheann de na stáit sin sna 14 lá roimhe sin. Déanfaidh an Rialtas breithniú gairid ar reachtaíocht a éileoidh ar phaisinéirí den sórt sin a thagann anseo an coraintín sin a dhéanamh ag saoráid ainmnithe."
Tá an tAire Dlí agus Cirt ag scrúdú ceist na n-athruithe ar shocruithe víosaí maidir le stáit is infheidhme a gcur le liosta sceideal 2.