Fógraíonn an tAire Hackett oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2024 d'Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an tAire an t-eolas is déanaí freisin ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta ag cruinniú geimhridh Fhóram an Tionscail Gairneoireachta
Bhí an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, ina comhchathaoirleach ar chruinniú geimhridh Fhóram an Tionscail Gairneoireachta inniu.
Ag an bhfóram, d’fhógair an tAire oscailt na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2024 d'Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála agus dúirt sí
“Tá lúcháir orm a bheith in ann oscailt Scéim 2024 le buiséad de €10 milliún a fhógairt. Bhí an bhliain seo an-dúshlánach do shaothróirí a bhfuil a n-ioncam buailte ag costais arda ionchuir agus ag drochaimsir, rud a d'fhág go raibh sé deacair ar shaothróirí a bhfiontar a athinfheistiú agus a fhás de réir na físe atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027. Léiríonn an leithdháileadh de €10 milliún tacaíocht agus tiomantas leanúnach an Rialtais don earnáil thábhachtach seo”.
Chomh maith leis sin, thug an tAire an t-eolas is déanaí do chomhaltaí an Fhóraim ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na bPríomhghníomhartha Straitéiseacha atá sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027 a foilsíodh ag tús mhí an Mheithimh i mbliana-
“Bhí an-áthas orm a bheith in ann an dul chun cinn atá déanta cheana féin thar roinnt de na Príomhghníomhartha Straitéise sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta a roinnt le comhaltaí Fhóram an Tionscail Gairneoireachta. Tá sé an-soiléir go bhfuil go leor fuinnimh bainte amach cheana féin i gcur chun cinn na ngníomhartha sa Straitéis seo ó seoladh í i mí an Mheithimh agus cuirim fáilte mhór roimh an gcur chuige comhoibríoch agus an rannpháirtíocht fhiúntach ag an gcruinniú inniu”.
Go háirithe, tharraing an tAire Hackett aird ar an teagmháil a rinneadh le déanaí idir miondíoltóirí agus fochoiste Fhóram an Tionscail Gairneoireachta,
“Bhí na cruinnithe a reáchtáladh go dtí seo an-dearfach agus léirigh miondíoltóirí a gcuid tacaíochta don tionscal. Is cosúil go bhfuil tuiscint shoiléir ann ar an tábhacht a bhaineann le hinmharthanacht an tionscail gairneoireachta a chinntiú ionas gur féidir leanúint le táirgí Éireannacha a sholáthar amach anseo. Go háirithe, tá miondíoltóirí ag féachaint ar shaincheisteanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus le slándáil bia a chinntiú, agus táim ag tnúth le rannpháirtíocht dhearfach leanúnach le miondíoltóirí sna míonna amach romhainn”.
Maidir leis an obair ar an Straitéis, dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas freisin
“Is í an straitéis an pointe tosaigh chun bonn láidir a thógáil as a bhféadfaidh an earnáil seo fás. Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta in achar gearr ama, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh na geallsealbhóirí ábhartha go léir ag plé leis an straitéis seo, toisc gurb í an rannpháirtíocht sin a bheidh mar chúis a ratha i ndeireadh na dála”.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire
“Cé go bhfuil roinnt dúshlán roimh an tionscal seo faoi láthair, ní mór díriú ar dheiseanna a thapú. De réir mar a chuirtear gníomhartha na Straitéise i bhfeidhm, is féidir fíoracmhainneacht na ndeiseanna iomadúla seo a bhaint amach lena gcinntítear go mbainfear amach ár gcomhfhís maidir le hearnáil breisluacha níos brabúsaí a fhás faoi stiúir inbhuanaitheachta agus nuálaíochta”.
Nótaí d'Eagarthóirí
Bunaíodh Fóram an Tionscail Gairneoireachta (HIF) mar ghrúpa geallsealbhóirí chun cur chuige comhoibríoch a éascú i leith na ndúshlán atá roimh an tionscal agus chun coinníollacha a chothú a fhásfaidh agus a fhorbróidh an tionscal ar bhonn fadtéarmach. Bunaíodh é in 2014 mar scátheagraíocht do shaothróirí táirgí gairneoireachta na hÉireann.
Thug ionadaithe ó na seacht n-earnáil rannpháirteacha ar fad, earnáil na nglasraí, na muisiriún, na mbogthorthaí, na mbarrthorthaí, na bprátaí, na taitneamhachta agus na mbarr faoi chosaint forbhreathnú ar na príomhdhúshláin a bhí rompu agus ar na príomhcheisteanna a bhí acu.
Is é an 15 Nollaig 2023 an lá deiridh chun iarratais ar an Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2024 le haghaidh Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála a chur isteach.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim cuidiú le forbairt na hearnála gairneoireachta, lena n-áirítear beachaireacht, trí chúnamh deontais a thabhairt d’infheistíochtaí caipitil i ngléasra agus trealamh speisialaithe lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, chomh maith le glacadh le teicneolaíocht a bhaineann go sonrach le táirgeadh gairneoireachta tráchtála.
Is féidir leat iad a fháil freisin trí ríomhphost a sheoladh chuig horticulturegrants@agriculture.gov.ie
Cabhraíonn an scéim seo le táirgeoirí atá ann cheana féin agus le hiontrálaithe nua sa ghairneoireacht ag ráta suas le 40% ar gach infheistíocht fhaofa, agus faigheann feirmeoirí óga cáilithe suas le 50% cúnamh deontais.