Fógraíonn na hAirí Martin agus Byrne sonraí Bhuiséad 2025 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíonn na hAirí Martin agus Byrne sonraí Bhuiséad 2025 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
• Méadú buiséid bliain ar bhliain €70m
• Méadú €16m i gCaiteachas Caipitil agus €54m breise i gCaiteachas Reatha
• €61.4 i dtacaíocht Margaíochta Turasóireachta chun Éire a chur chun cinn mar cheann scríbe saoire
• Maoiniú níos mó ná riamh €140m don Chomhairle Ealaíon
• €6m breise do Spórt Éireann le forbairt ar rath Chluichí Pháras agus deiseanna rannpháirtíochta breisithe a chur ar fáil
• €6m sa bhreis don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, lena n-áirítear €1.9m breise d'Údarás na Gaeltachta
• €6m breise do nuacht agus cúrsaí reatha, imfhálaithe don earnáil raidió agus teilifíse neamhspleách faoin Scéim ‘Fuaim agus Fís’
• Maoiniú TG4 suas go €60m
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, inniu (2 Deireadh Fómhair) sonraí maidir le hollmhaoiniú €1,271,989,000 a leithdháileadh don Roinn i mBuiséad 2025 ina bhfeicfear méaduithe thar gach réimse le hardú iomlán de 6% ar fud na Roinne.
Tá méadú ag teacht ar mhaoiniú do 2025 do gach réimse faoin Roinn agus tá méadú ag teacht i gcónaí ar thacaíochtaí do ghníomhaireachtaí in earnálacha. Tagann sé seo i ndiaidh an mhaoinithe is mó riamh le blianta beaga anuas inar tháinig méadú 58% ar bhuiséad iomlán na Roinne ó 2019 i leith. Cumasóidh Buiséad 2025 tacaíocht do straitéisí agus scéimeanna nua sa Turasóireacht agus sna Meáin, agus cabhróidh cistí breise le tuilleadh fáis a chur ar na hEalaíona, sa Ghaeltacht agus sa Spórt.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Déanann mo Roinn forbhreathnú ar earnálacha a bhfuil tionchar suntasach acu feadh na sochaí uile. Tá fás ollmhór tagtha ar na réimsí seo le blianta beaga anuas, agus tá dúshláin mhóra ag baint leis an bhfás sin. Le linn mo théarma mar Aire, ba thosaíocht a bhí ann dom a chinntiú gur féidir freagairt do na dúshláin seo, trí athléimneacht a fhorbairt, inbhuanaitheacht a leabú, agus cinntiú go bhfuil acmhainneacht againn ar bhonn uilechoiteann."
“Cothaíonn agus méadaíonn Buiséad 2025 maoiniú thar raon leathan príomhthionscnamh. D’ealaíontóirí agus oibrithe ealaíne, choinníomar an scéim phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona atá ar thús cadhnaíochta, ag a bhfuil leithdháileadh €35 milliún do 2025. Cé go mbeidh cinneadh Rialtais ag teastáil maidir le todhchaí na scéime nuair a thagann an scéim phíolótach trí bliana seo chun deiridh in 2025, tá mo thuairimí féin curtha in iúl agam maidir le chomh tábhachtach is atá sé an scéim a choimeád agus a leathnú amach. Gheobhaidh an Chomhairle Ealaíon maoiniú nach bhfacthas riamh cheana arís in 2025, méadaithe anois chuig €140m, agus leanann tacaíocht do Chultúr Éireann agus d’Éire Ildánach."
“Is dea-scéala don tionscal é an t-ardú nua 8% faoi Alt 481 do phríomhléiriúcháin scannán le buiséid suas le €20 milliún agus cuireann sé teachtaireacht láidir idirnáisiúnta amach a ailíníonn agus a threisíonn ár mbonneagar, ár n-áiseanna, foirne le taithí, tallainne cruthaitheach agus radharcra álainn. Fáiltítear freisin roimh an gcreidmheas cánach nua do léiriúcháin neamhscríofa, atá faoi réir cheadú an Choimisiúin Eorpaigh. Beidh an creidmheas ar fáil ag ráta 20% ar chaiteachas cáilitheach suas le €15 milliún agus beidh ar thionscadail tástáil chultúrtha a dhéanamh."
“Tá ardmheas idirnáisiúnta ar earnáil éifeachtaí amhairc na hÉireann (VFX). Fáiltím roimh chomhartha an Aire Chambers go scrúdóidh a Roinn deiseanna le haghaidh dreasachtaí chun é a fhás sa bhliain atá romhainn."
“Bhí dúshláin dhéine ag an earnáil turasóireachta le blianta beaga anuas, agus le maoiniú os cionn €226 milliún in 2025 forbrófar agus cothófar croí-acmhainneacht sa tionscal. Tacóidh an leithdháileadh seo le hobair Fáilte Éireann chun eispéireas an turasóra a bhreisiú agus cabhrú le gnólachtaí turasóireachta in Éirinn trí obair i réimsí cosúil le féilte, claochlú digiteach, agus inbhuanaitheacht. Cuideoidh sé freisin le Turasóireacht Éireann chun margaíocht a dhéanamh ar Éirinn thar lear mar cheann scríbe cuairteora an-mhealltach. Measann Turasóireacht Éireann, in aghaidh gach €1 a infheistítear i margaíocht thar lear, go dtagann thart ar €25 ar ais don gheilleagar ó chaiteachas cuairteoirí ón iasacht ar an talamh in Éirinn."
“Tá na bearta seo in éineacht leis an deontas nua €170 milliún “Power Up”, a d’fhógair an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus atá comhdhéanta de dheontas comhréidh de €4,000 le haghaidh áitribh inrátála tráchtála sna hearnálacha miondíola agus fáilteachais. Tacóidh sé sin leis an earnáil fáilteachais chun déileáil le costais mhéadaithe fuinnimh le blianta beaga anuas, go háirithe costais leictreachais."
“Léirítear an tábhacht a bhaineann le tacú le hearnáil meán sláintiúil arís leis na leithdháiltí méadaithe atá slánaithe agam i mBuiséad 2025. Mar aon leis an €4 milliún do scéimeanna nua Chiste na Meán a comhaontaíodh sa samhradh, cuirfear €6 milliún ar fáil d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha, imfhálaithe don earnáil raidió agus teilifíse tráchtála. Déanfar é seo tríd an scéim, Fuaim agus Fís, agus is é seo an chéad uair a áireofar nuacht agus cúrsaí reatha. Áireoidh mé an buntaca dlíthiúil riachtanach don athrú sa reachtaíocht atá á thabhairt agam chuig an Rialtas go gairid, agus ina dhiaidh sin forbróidh Coimisiún na Meán Scéim mhionsonraithe. Beidh an beart freisin faoi réir fhaomhadh Státchabhrach ón gCoimisiún Eorpach."
“Athdhearbhaíonn Buiséad 2025 freisin ár dtiomantas chun tacaíocht píosa ar phíosa a thabhairt dár gcraoltóirí seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4. Tá maoiniú iomlán TG4 méadaithe chuig €60 milliún, méadú iomlán beagnach €23 milliún nó 62% ó thosaigh mo théarma in 2020. Comhdhlúthóidh sé seo an soláthar ardchaighdeáin ábhar Gaeilge, lena n-áirítear forbairt leanúnach na gclár Gaeilge do pháistí, mar aon le léiriúchán scannán agus drámaíochta. Tá sé lárnach freisin do sheachadadh rathúil Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais. Oibreoidh an Roinn le TG4 agus le Coimisiún na Meán chun a plean straitéiseach a chur i gcrích a thuilleadh sna blianta amach romhainn. Mar a fógraíodh roimhe seo, cuirfear maoiniú poiblí iomlán €225 milliún ar fáil do RTÉ le cur ar a chumas a straitéis nua a chur i bhfeidhm agus leanúint ag freastal ar lucht féachana na hÉireann le nuacht agus cúrsaí reatha neamhchlaonta, agus ardchaighdeán ábhar i ngach seánra."
“Ó ghlac mé oifig mar Aire, tá méaduithe suntasacha seachadta agam mar thacaíocht le gach earnáil faoi shainchúram mo Roinne, lena n-áirítear tacaíocht don Chultúr agus na hEalaíona, chomh maith le maoiniú gan fasach don éagsúlacht agus don chuimsiú sa spórt. Chinntigh mé freisin gur tacaíodh lenár gcéad teanga, an Ghaeilge, agus leis an nGaeltacht mar a croí agus a anam, chuig leibhéil nach bhfacthas cheana, rud a léiríonn an méadú maoinithe de 48% don earnáil ó 2020."
“Leanfaidh gach beart a fógraíodh inniu ag neartú agus ag tacú le hearnálacha na Turasóireachta, an Chultúir, na nEalaíon, na Gaeltachta, an Spóirt agus na Meán in 2025 agus níos faide anonn.”
Dúirt an tAire Thomas Byrne:
“Tar éis samhradh iontach spóirt ina raibh go leor dúinn gafa le taispeántas Fhoireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, táimid ag pleanáil cheana féin do Chluichí LA in 2028. Tá áthas orm méadú €1.2 milliún a fhógairt i maoiniú bliantúil dár gclár ardfheidhmíochta a fhorbraíonn ar an maoiniú nach bhfacthas cheana do Chluichí Pháras mar a leanaimid ag méadú ár dtacaíochta dár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta."
“Mar Rialtas, teastaíonn uainn a chinntiú nach bhfuil aon bhac ag baint le bheith faoi mhíchumas i dtaobh páirt a ghlacadh i spórt agus gníomhaíocht choirp. Ag obair chun an aidhm seo a bhaint amach, tá sruth maoinithe nua agus tiomanta ‘Míchumas sa Spórt’ á sholáthar ag an Rialtas do Spórt Éireann, le €1 milliún á leithdháileadh. Ina theannta sin, tá mé ag súil go bhfógróidh Spórt Éireann go luath post do ‘Cheannasaí Míchumas sa Spórt’, a fhorbróidh agus a chuirfidh chun cinn cuimsiú daoine faoi mhíchumas sa spórt. Tá súil agam go mbeidh an athrú ó bhonn seo i maoiniú agus i bpearsanra mar spreagthach chun ár bpobal spórtúil a dhéanamh níos ionchuimsithí."
“Déanann ár gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt obair na gcapall feadh an phobail spóirt, a mhéid a bhaineann le deiseanna rannpháirtíochta a mhéadú do gach duine, agus chun ár lúthchleasaithe a fhorbairt. Chun tacú leis an obair luachmhar sin, is féidir liom €1.3 milliún breise a dheimhniú i gcroí-mhaoiniú atá á chur ar fáil ag an Rialtas le tacú lenár gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt agus le Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt."
“Tá éagsúlacht spóirt agus áiseanna spóirt ar fáil ag an gCampas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir agus is féidir liom a dheimhniú go bhfuil cistiú á leithdháileadh faoi Bhuiséad 2025 don champas lena chothabháil agus lena fhorbairt a thuilleadh. Foilseoimid freisin a luaithe agus is féidir Plean Gníomhaíochta Spóirt agus beidh maoiniú ar fáil freisin le tacú lena phointí gníomhaíochta a chur i gcrích."
“An tseachtain seo caite, fógraíomar an infheistíocht is mó riamh in áiseanna spóirt faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail agus tá mé ag súil le leithdháiltí a fheiceáil faoin gCiste Bonneagair Spóirt ar Scála Mór a fheiceáil á bhfógairt sna seachtainí romhainn. Tá an Rialtas seo tiomanta do rath spórt na hÉireann; ó infheistíocht nach bhfacthas cheana inár n-áiseanna spóirt, chuig tacú le huaillmhian ár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta ar leibhéal iontach; agus go bunúsach, ag cinntiú go mbíonn sé de cheart ag gach duine páirt a ghlacadh i spórt agus gníomhaíocht choirp."
“Maidir leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge, bhris Buiséad 2024, don chéad uair riamh, an marc €100 milliún i maoiniú. Feictear méadú breise go €106 milliún i mBuiséad 2025 chun tacú leis an earnáil. Tabharfaidh an t-ardú seo deis dúinn bogadh ar aghaidh le seachadadh an Phlean Dhigiteach don Ghaeilge agus na Straitéise do na hEalaíona Teangabhunaithe, agus infheistíocht a dhéanamh freisin i soláthar seirbhísí óige sa Ghaeltacht chun an próiseas pleanála teanga a neartú tuilleadh."
“Faoi láthair, tá Acht (Leasaithe) Údarás na Gaeltachta 2024 ag dul trí Thithe an Oireachtais agus is féidir liom a dheimhniú go bhfaighidh Údarás na Gaeltachta maoiniú méadaithe de €1.9 milliún faoi Bhuiséad 2025, chun forbairt bhreise a dhéanamh ar dheiseanna fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta, rud atá riachtanach chun an Ghaeilge a choimeád mar theanga labhartha a bpobal.”
Buaicphointí Bhuiséad 2024
Turasóireacht
Tá sé mar aidhm le clár Sheirbhísí Turasóireachta na Roinne tacú le tionscal na turasóireachta chun athshlánú agus fás ar bhealach inbhuanaithe.
• Chothaigh Buiséad 2025 an tacaíocht shuntasach atá curtha ar fáil ag an Rialtas le roinnt blianta anuas d’earnáil na turasóireachta. Tá leithdháileadh aonuaire na bliana anuraidh anois príomhshruthaithe agus ceadóidh sé do na gníomhaireachtaí turasóireachta leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre luachmhaire chun tacú leis an earnáil
• Leithdháileadh €61.4 milliún do Chiste Margaíochta Turasóireachta le tacú le mórfheachtais mhargaíochta Thurasóireacht Éireann thar lear chun tacú le síneadh séasúir agus fás réigiúnach, agus áirítear ann feachtas inbhuanaitheachta nua
• Áirítear leithdháileadh sonrach €3.2 milliún freisin i mBuiséad 2025 chun tacú le gnólachtaí turasóireachta. Áirítear anseo Straitéis Imeachtaí Gnó; maoiniú breise faoi Scéim Rochtana Comharchumainn Réigiúnach chun rochtain nua a spreagadh agus cumas seirbhísí reatha a uasmhéadú chuig na réigiúin; agus maoiniú le tacú leis an dá ghníomhaireacht turasóireachta chun leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag cur Éire chun cinn mar áit dúchais Oíche Shamhna
• In 2025, leanfar le tacaíocht chaipitil an Rialtais chun an táirge turasóireachta a fhorbairt agus a bhreisiú. Leithdháiltear €36.5 milliún i maoiniú caipitil do Fáilte Éireann le leanúint ar aghaidh le hobair sa réimse seo agus ar thograí nua
Na hEalaíona agus Cultúr
Tá sé mar aidhm le clár Ealaíon agus Cultúir na Roinne láidreachtaí ealaíne agus cruthaitheacha den scoth na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt sa bhaile agus thar lear, chun a luach sochaíoch agus eacnamaíoch don tír a uasmhéadú, agus chun tacú leis an earnáil Ealaíon agus siamsaíochta forbairt agus fás.
• Maoiniú nach bhfacthas cheana de €140 milliún don Chomhairle Ealaíon, a chumasóidh a thuilleadh infheistíocht i gcláir do dhaoine óga agus leanaí, chomh maith le tacaíocht bhreise d’ealaíontóirí, ionaid ealaíne agus compántais léirithe
• Tacaíocht mhéadaithe do Chultúr Éireann, leis an leithdháileadh is mó riamh €8 milliún in 2025, chun tuilleadh ealaíontóirí Éireannacha a chumhachtú chun a ngairmeacha a sheoladh agus a fhorbairt ar bhonn idirnáisiúnta
• Leithdháileadh os cionn €40.85 milliún do Fís Éireann in 2025, a chuirfidh forbairt agus coimeád tallainne ar fáil ar fud na hearnála ag tacú le rath na hÉireann ar an ardán domhanda sa bhliain seo caite
• Choinnigh an Scéim um Bunioncam do na hEalaíona, a seoladh in 2022, a mhaoiniú de €35 milliún in 2025. Maoineofar an scéim tar éis a tréimhse phíolótach trí bhliana i Mí Lúnasa, rud a éascaíonn solúbthacht chomharbais
• Tuilleadh tacaíochta do Éire Ildánach, mar bhuntaca le tiomantas na Roinne chun todhchaí níos fearr a thógáil trí thacú le rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha chruthaitheach
• Tacaíocht mhéadaithe do na hInstitiúidí Cultúrtha Naisiúnta, le €3.8 milliún breise chun a gcroí-chlár, gníomhaíochtaí foghlama agus for-rochtana a bhreisiú
• Leithdháileadh €2.5 milliún le tacú le forbairt leanúnach ár nGeilleagar Oíche. Tacóidh an leithdháileadh seo leis an 9 gComhairleoir Oíche ar fud na tíre agus scéim deontais nua le tacú le hionaid bheaga, phobail atá an-tábhachtach chun beogacht agus éagsúlacht chultúrtha a ghiniúint inár ngeilleagar oíche
• €2 milliún i maoiniú caipitil sna trí bliana romhainn do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chun ionaid réigiúnacha agus for-rochtana a heagraíochta a athchóiriú
An Ghaeltacht
Is é is aidhm le clár Gaeltachta na Roinne tacú le húsáid na Gaeilge ar fud na hÉireann agus chun a húsáid a láidriú a thuilleadh mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta.
• Infheistíocht mhéadaithe de €1.9 milliún in Údarás na Gaeltachta chun scéimeanna maoinithe a chothú agus a leathnú agus chun an leas is fearr a bhaint as deiseanna sa gheilleagar glas i gceantair Ghaeltachta
• Infheistíocht leanúnach d’os cionn €1.5 milliún chun tacú le seachadadh fhorálacha na Straitéise do na hEalaíona Teangabhunaithe
• Maoiniú de nach mór €2 mhilliún do sheachadadh an Phlean Dhigiteach don Ghaeilge agus do leathnú amach na seirbhísí óige sa Ghaeltacht ar chostas measta €1 milliún sa bhliain
• Maoiniú méadaithe de níos mó ná €1.5m d’fhorbairt Ionaid Ghaeilge agus Chultúrtha ar fud an oileáin ar fad
Spórt
Tá sé mar aidhm le clár Spóirt agus Áineasa na Roinne rannchuidiú le sochaí níos sláintiúla agus níos gníomhaí a fhorbairt trí rannpháirtíocht i spóirt a chur chun cinn agus trí thacú le hardghníomhaíocht agus soláthar áiseanna spóirt.
• €6 mhilliún i maoiniú breise do Spórt Éireann, an t-údarás ar a bhfuil sé de shainchúram spórt na hÉireann a fhorbairt, le forbairt ar an rath ag na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha in 2024 agus deiseanna rannpháirtíochta a mhéadú do gach duine
• Áirítear ar an maoiniú breise do Spórt Éireann sruth maoinithe nua agus tiomanta ‘Míchumas sa Spórt’ le €1 mhilliún á leithdháileadh
• Borradh €1.3 milliún i maoiniú lárnach do Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt. Seo maoiniú iomlán de €30 milliún do Choistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, i gcomparaid le €16.9 sa bhliain 2018
• Tá an leithdháileadh caipitil bliantúil don Chiste Áiseanna Spóirt Pobail (an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt mar a bhí) méadaithe faoi dhó ó €34.5 milliún go €73.4 milliún in 2025. Tagann seo tar éis an bhfógra le déanaí maidir le soláthar €256 do chlubanna agus áiseanna spóirt pobail faoin gclár seo.
Na Meáin agus Craolachán
Tá sé mar aidhm ag an Roinn earnáil Meán agus Craolacháin inbhuanaithe agus éagsúil a chur chun sinn, agus chun sábháilteacht ar líne a chur ar aghaidh trí chóras rialála éifeachtach agus tacaíocht leanúnach do Choimisiún na Meán.
• Tá €6 mhilliún á chur ar fáil don scéim Fuaim agus Fís, chun maoiniú ábhar nuachta agus cúrsaí reatha de chuid craoltóirí tráchtála neamhspleácha a chumasú
• Tá €4 mhilliún breise á soláthar do Chiste na Meán, rud a chumasóidh Coimisiún na Meán chun scéimeanna tacaíochta breise a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm cosúil leis na scéimeanna maidir le claochlú digiteach agus tuairisciú nuachta, ag forbairt ar an dá scéim phíolótacha (don Daonlathas Áitiúil agus Tuairisciú Cúirteanna) a osclaíodh i mbliana, agus a thabharfaidh an leithdháileadh iomlán suas go €10 milliún
• Tá maoiniú TG4 á mhéadú chuig €60 milliún, chomh maith leis an méadú suntasach a cuireadh ar fáil le ceithre Bhuiséad anuas, agus cinnteoidh sé sin leanúnachas ardchaighdeán ábhar i nGaeilge mar thaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
• Trí Chinneadh an Rialtais chun €225 milliún a sholáthar in 2025 faoi shamhail mheasctha de mhaoiniú Státchiste agus táillí ceadúnais teaghlaigh cuirfear ar chumas straitéis nua RTÉ a chur i bhfeidhm a d’fhoilsigh an craoltóir níos túisce i mbliana
CRÍOCH