Foilsíonn an tAire Martin an dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chur i bhFeidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chur i bhFeidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc. Seoladh an Plean i mí an Mheithimh 2018 agus déanann sé an tiomantas i gColún 4 de Chlár Éire Ildánach plean a sholáthar don earnáil chun Éire a chur chun tosaigh san earnáil closamhairc le Ranna ábhartha agus a gcuid gníomhaireachtaí ag cur na ngníomhartha atá leagtha amach sa phlean i gcrích ar fud an Rialtais. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh feabhsuithe a sheachadadh don earnáil closamhairc thar ocht réimse beartais agus ó seoladh é in 2018, rinne an Rialtas comhoibriú forleathan maidir leis an bplean.
Agus tuarascáil an lae inniu á seoladh aici, thagair an tAire Martin do na dúshláin a cuireadh roimh an earnáil ó go luath sa bhliain 2020 agus mhol sí an obair a rinneadh ar fud na hearnála closamhairc chun filleadh go sábhailte ar léiriúcháin a dhéanamh.
“Oibríonn mo Roinnse go dlúth le Fís Éireann agus leis an earnáil scannánaíochta lena chinntiú go bhfuil na coinníollacha is fearr i bhfeidhm chun ligean don earnáil na dúshláin a bhaineann le léiriúcháin a shárú le linn COVID-19 agus le bliain anuas, ba chúis áthais dom é sin a fheiceáil ag atosú go sábháilte agus de réir a chéile.
“Leanann an Plean Gníomhaíochta Closamhairc le tosaíochtaí straitéiseacha ardleibhéil a leagan síos chun earnáil bheoga léiriúcháin agus closamhairc sna meáin a fhorbairt agus chun deiseanna eacnamaíocha nua a chur ar fáil. In ainneoin scála na géarchéime in 2020, tá céimeanna suntasacha glactha againn maidir le moltaí an phlean. Bhí áthas orm a bheith in ann maoiniú breise a sholáthar d’Fhís Éireann, lena n-áirítear maoiniú sonrach le haghaidh infheistíochta i ndrámaíocht theilifíse ardleibhéil chomh maith le tacaíocht bhreise d’Údarás Craolacháin na hÉireann maidir leis an gCiste Fuaime agus Físe. Tá buiséad Fhís Éireann méadaithe arís do 2021 a thacóidh le hinfheistíocht mhéadaithe i dtáirgeadh agus i bhforbairt. Cuireadh fáilte roimh an gcinneadh sa Bhuiséad chun an t-ardú réigiúnach ar fhorbairt scannán a leathnú ar feadh bliana breise ag 5%, mar aon leis an bhfógra go gcuirfí tús le hobair ar thionscnamh cánach nua a fhorbairt don earnáil cluichíochta digití.
“Le blianta beaga anuas, chuireamar béim láidir ar oiliúint agus ar fhorbairt scileanna san earnáil agus leagann Tuarascáil an lae inniu amach go mion an obair atá á déanamh ina leith sin. Molaim gach duine a bhí bainteach leis agus gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe sa rialtas as an gcomhoibriú idir-rannach a chuidigh linn an tionscal agus an Plean Gníomhaíochta seo a chur chun cinn. Is léiriú ar obair chrua na bpáirtithe leasmhara uile í an spéis idirnáisiúnta in Éirinn mar shuíomh léiriúcháin agus táim ag tnúth le rath agus fás leanúnach an tionscail a fheiceáil sa todhchaí”.
An dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chur i bhFeidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc: