Osclaíonn an tAire Humphreys agus Joe O’Brien iarratais ar Thionscnamh Maoinithe chun Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, an próiseas iarratais ar dheontas inniu do thionscnaimh chun feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn.
Is é an 17 Deireadh Fómhair Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta agus tá fócas idirnáisiúnta air ó glacadh go foirmiúil leis na NA in 1992. In Éirinn, is faoi Choiste an 17 Deireadh Fómhair agus Le Chéile Lán Dínite (ATD) Éireann atá sé an lá a chur chun cinn.
Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí chun tacú le grúpaí frithbhochtaineachta gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a eagrú chun feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn.
Dúirt an tAire Heather Humphreys:
“Tá áthas orm an próiseas iarratais a sheoladh inniu ar mhaoiniú d’imeachtaí a dhéanfaidh Lá na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chomóradh. Mar Rialtas, táimid tiomanta do bhochtaineacht a laghdú agus Éire a dhéanamh níos cuimsithí go sóisialta. Tugann na himeachtaí a maoiníodh ar an lá seo daoine i bpobail le chéile agus spreagfainn grúpaí a bhfuil smaointe nuálacha acu le haghaidh imeachtaí chun iarratas a dhéanamh faoin spriocdháta, 16 Lúnasa.”
Dúirt an tAire Joe O’Brien:
“Tugann an maoiniú seo deis do ghrúpaí agus do thionscadail phobail áitiúla aird an phobail a tharraingt ar an obair atá ar siúl acu chun dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta in Éirinn mar chuid den tsaincheist dhomhanda ar Lá na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta.”
Tá an maoiniú oscailte d’eagraíochtaí frithbhochtaineachta agus do ghrúpaí atá ag obair le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht ag leibhéal náisiúnta nó áitiúil i bPoblacht na hÉireann. Tá maoiniú suas le €3,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail.
Is é téama na hÉireann do Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 2024 um Dhíothú na Bochtaineachta ná: Constaicí a Shárú agus Droichid a Thógáil: Le Chéile i dTreo an Chomhionannais agus an Chuimsithe.
Lean an tAire Joe O’Brien T.D:
“Is lá dlúthpháirtíochta é Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta, chun daoine ó chúlraí éagsúla, a bhfuil eispéiris éagsúla acu, a thabhairt le chéile ina gcomhthiomantas chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht. Tá sé ríthábhachtach go n-aithnímid go bhfuil an bhochtaineacht do ghlactha agus go n-oibrímid le chéile chun an bhochtaineacht a laghdú agus chun a chinntiú nach bhfágtar aon duine taobh thiar de, rud atá mar chroílár théama na bliana seo.”
Nótaí don Eagarthóir:
Gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú
Tionscnaimh aonuaire a bhfuil béim náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil acu agus a bhfuil sé d’aidhm acu:
Déanfar réimse leathan gníomhaíochtaí, nó meascán gníomhaíochtaí, a mheas le haghaidh maoinithe.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine an 16 Lúnasa 2024.
Tá sonraí iomlána faoin tionscnamh maoinithe agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/socialinclusion