Fáilte curtha ag an Aire McEntee roimh fhoilsiú Straitéis nua Gaeilge an Gharda Síochána
Ó An Roinn Dlí agus Cirt; An Garda Síochána
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Teanga: Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil.
Ó An Roinn Dlí agus Cirt; An Garda Síochána
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Teanga: Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil.
Tá fáilte curtha ag Helen McEntee roimh an tríú Straitéis Gaeilge ón nGarda Síochána a foilsíodh inniu, straitéis a fhéachfaidh le seirbhísí Gaeilge laistigh den eagraíocht a threisiú.
Is cuid de thiomantas leanúnach an Gharda Síochána i leith na Gaeilge an straitéis, a thacaíonn le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus a n-áirítear inti go ndéanfaí úsáid na Gaeilge i measc an Gharda Síochána a fhorbairt tuilleadh.
Dúirt an tAire McEntee:
“Molaim na pleananna agus na cuspóirí uaillmhianacha atá leagtha amach sa Straitéis nua seo, lena n-áirítear an sprioc fhadtéarmach go mbeadh gach stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht go hiomlán dátheangach. Trí rogha teanga a éascú do chainteoirí Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht, déanfar an caidreamh tábhachtach idir an Garda Síochána agus pobail ar fud na tíre a neartú agus cruthófar seirbhís póilíneachta a mbeidh ardmheas uirthi mar gheall ar an tseirbhís phoiblí a chuireann an Garda Síochána ar fáil.
"Leagtar amach freisin sa Straitéis nua cur chuige praiticiúil le dul i ngleic le Gardaí a bhfuil Gaeilge acu a dháileadh. Mar shampla, leis an mBeartas um Leithdháileadh Gaeilge, aithneofar an leibhéal líofachta a bheidh de dhíth do phoist áirithe agus aithneofar roinnt díobh mar phoist a bhfuil an Ghaeilge ‘riachtanach’ agus cinn eile a mbeidh an Ghaeilge ‘inmhianta'.
"Iarraim ar gach cainteoir Gaeilge a bhfuil suim acu dul sa Gharda Síochána smaoineamh iarratas a dhéanamh faoin bhfeachtas earcaíochta atá ar bun faoi láthair.”
D’eisigh an Garda Síochána Treoir sa bhliain 2018 lena chinntiú nach ndéanfaí ach Gardaí a bhfuil na scileanna cuí Gaeilge acu a aistriú chuig stáisiúin Ghaeltachta, le súil cur le líon na bpearsanra atá dátheangach sna stáisiúin seo agus cuireann an Beartas um Leithdháileadh Gaeilge leis an obair mhaith atá ar bun sa réimse seo.
Mar a leagtar amach sa Straitéis nua Gaeilge, bainfidh an Garda Síochána amach a chuid cuspóirí trí earcaíocht a dhéanamh, Forbairt agus Feasacht agus Cur Chun Cinn agus Rannpháirtíocht a dhéanamh i leith na Gaeilge. Léiríonn an buiséad €2 billiún a leithroinneadh ar an nGarda Síochána i mBuiséad 2022 tiomantas an Rialtais tacú le hobair an Gharda Síochána agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní ar fáil chun seirbhís póilíneachta éifeachtach, infheicthe agus fhorghníomhach a sholáthar.
The Minister for Justice Helen McEntee has welcomed the publication today of An Garda Síochána’s third Irish Language Strategy, which aims to strengthen Irish language services within the organisation.
The Strategy is part of An Garda Síochána’s ongoing commitment to the Irish language, supporting the government’s 20-Year Strategy for the Irish Language, which includes the further development of the use of Irish by An Garda Síochána.
Minister McEntee said:
“I commend the ambitious plans and objectives set out in this new Strategy, including a long-term goal of ensuring all Gaeltacht Garda stations are fully bilingual. Facilitating genuine language choice to Irish speakers, particularly in Gaeltacht areas, will reinforce and nurture the crucial relationship between An Garda Síochána and communities around the country, creating a police service that is valued for the vital public service it provides.
"The new Strategy also demonstrates a very practical approach to addressing the distribution of Irish-speaking Gardaí. For example, the new Irish Language Allocations Policy will identify the level of Irish proficiency required for certain posts, with some new posts being considered “Irish essential” and others “Irish desirable”.
"I would encourage all Irish Speakers with an interest in serving in An Garda Síochána to consider applying through the Garda recruitment campaign currently under way.”
In 2018, An Garda Síochána issued a Directive ensuring that only Gardaí with the appropriate Irish language skills would transfer to Gaeltacht stations, with a view to increasing the number of bilingual personnel in these stations and the Irish Allocations Policy develops the positive work already being carried out in this area.
As outlined in the new Irish Language Strategy, An Garda Síochána will achieve its objectives through recruitment, Irish Language Development and Awareness, and Promotion and Engagement. The unprecedented €2 billion funding for An Garda Síochána allocated in Budget 2022 reflects the commitment of the government to supporting the work of Gardaí and ensuring that resources are available to provide for an effective, visible and proactive policing service.