Tús le híocaíochtaí comhardaithe faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí fógartha ag Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, inniu go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí d'fheirmeoirí. Is í an scéim seo an phríomhscéim tacaíochta d'fheirmeoirí orgánacha nua agus reatha faoi Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020. Léiríonn an íocaíocht chomhardaithe an 15% deiridh d'íocaíocht 2018 agus tá an íocaíocht sin á déanamh níos luaithe i mbliana ná anuraidh.
Dúirt an tAire:
"Tá mé an-sásta a fhógairt go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí comhardaithe de luach beagnach €1 milliún faoin scéim seo chuig 1,200 feirmeoir orgánacha. Leanfar de na híocaíochtaí atá fós le híoc a íoc sna seachtainí atá amach romhainn”. Mar thoradh ar an scéim seo, tá dhá oiread na bhfeirmeacha á saothrú go horgánach in Éirinn agus d'éirigh go han-mhaith leis an scéim faoin RDP."
Tá 1,588 feirmeoir orgánacha páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí i láthair na huaire agus tá thart ar 72,000 heicteár de thalamh á mbainistiú acu. Mar thoradh ar an scéim seo, tá dhá oiread na bhfeirmeacha á saothrú go horgánach in Éirinn. Is ionann breis agus €10 milliún na híocaíochtaí bliantúla faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí.
Dúirt an tAire Doyle:
"Is príomhbheart tacaíochta í an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí a chuidíonn le feirmeoirí atá ag athrú go dtí feirmeoireacht orgánach agus cuirtear ar a gcumas buntáiste a bhaint as deiseanna margaidh, deiseanna atá ag méadú, atá ann go cinnte do bhia orgánach. Chomh maith leis an straitéis ardleibhéil a foilsíodh níos túisce sa bhliain, tá earnáil orgánach na hÉireann ag baint leas as leibhéil infheistíochta ón Rialtas nach raibh chomh hard sin riamh agus tá an earnáil in áit mhaith anois chun tuilleadh fáis a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn."
CRÍOCH
Is scéim agra-chomhshaoil í an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí atá leagtha amach chun buntáistí feabhsaithe maidir leis an gcomhshaol agus leas ainmhithe a chur ar fáil agus chun cúiteamh a chur ar fáil d'fheirmeoirí a shaothraíonn a ngabháltas i gcomhréir le caighdeáin feirmeoireachta orgánaí ar feadh tréimhse cúig bliana. Is é an príomhchuspóir na buntáistí maidir leis an gcomhshaol agus leas ainmhithe a chur ar fáil chomh maith le táirgeoirí a spreagadh le freagra a thabhairt ar éileamh an mhargaidh i ndáil le bia a thairgtear go horgánach.
Is scéim thábhachtach í an OFS faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Faigheann 1,588 feirmeoir íocaíocht faoin scéim seo chun tacú lena bhfiontair orgánacha féin. Is ionann breis agus €10m na híocaíochtaí bliantúla faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Orgánach ag 0761 064415 nó ríomhphost a chur chuig organic@agriculture.gov.ie