Ráiteas ón bPríomhoifigeach Leighis an Dochtúir Tony Holohan - Dé Domhnaigh 26 Nollaig 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé tábhachtach go leanfaidh gach duine againn ag laghdú ár dteagmhálacha agus ag seachaint áiteanna plódaithe, a mhéid is féidir, de réir mar atá an t-athraitheach Omicron ag fáil an lámh in uachtar ar na hathraithigh COVID-19 eile in Éirinn.
Tá a fhios againn go bhfuil an t-athraitheach seo níos inaistrithe ná fiú an t-athraitheach Delta atá an-inaistrithe. Mar sin, ná buail le daoine nó ná buail taobh istigh le daoine ó theaghlaigh eile.
Seachain áiteanna plódaithe lena n-áirítear timpeallachtaí miondíola. Roghnaigh siopadóireacht a dhéanamh ar líne nuair is féidir, déan scuaine taobh amuigh agus fág aon timpeallacht miondíola nach mbraitheann sábháilte agus nach bhfuil ag cloí le comhairle sláinte poiblí – beartas um fhadú sóisialta agus córas scuaine a chur i bhfeidhm, líon na gcustaiméirí a theorannú sa siopa agus baill foirne ag caitheamh maisc i gceart (ag clúdach srón, béal agus smig).
Má tá teanndáileog den vacsaín COVID-19 le fáil agat fós, sa chás sin ba cheart duit gach beart is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint go dtí go mbeidh tú incháilithe é a fháil. Áirítear leis seo timpeallachtaí contúirteachta a sheachaint agus do theagmhálacha a choinneáil chomh íseal agus is féidir. Tugann an fhianaise go léir atá ar fáil le fios go dtabharfaidh vacsaín teanndáileoige cosaint mhaith ó ionfhabhtú leis an athraitheach Omicron.
Má thaisteal tú go hÉirinn ó thar lear tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú tástáil antaigine gach lá ar feadh cúig lá.
Má thagann aon siomptóim de COVID-19 ar aon duine, cibé éadrom atá siad, tá sé tábhachtach féin-aonrú agus tástáil PCR a shocrú. Tá ár n-ionaid tástála an-ghnóthach i láthair na huaire mar gheall ar mhinicíocht ard COVID-19 ar fud na tíre; tá sé tábhachtach, áfach, go leanfaidh tú ag féin-aonrú go dtí go bhfaighidh tú toradh do thástála PCR agus tuilleadh eolais ó FSS.
CRÍOCH