Tagann Cód Cleachtais Árachas Éireann le haghaidh Árachas Cosanta Morgáiste a Fhrithghealladh do Mharthanóirí Ailse i bhfeidhm
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, agus Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, araon fáilte roimh chur chun feidhme an Chóid Cleachtais nua le haghaidh Árachas Morgáiste a Fhrithghealladh do Mharthanóirí Ailse ag Árachas Éireann.
“Cuirimid fáilte roimh an bhfíoras go mbeidh éifeacht oifigiúil leis an gCód Cleachtais seo ón lá inniu (an 6 Nollaig). Is eachtra shuntasach é seo, go háirithe do mharthanóirí ailse agus dá dteaghlach a tháinig ar dheacrachtaí maidir le hárachas cosanta morgáiste a rochtain de dheasca diagnóis ailse roimhe”.
Fógraíodh an Cód níos luaithe i mbliana agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 6 Nollaig 2023. Foráiltear leis an gCód go dtabharfaidh árachóirí neamhaird ar dhiagnóis nochta ailse i gcás gur chríochnaigh an chóireáil níos mó ná seacht mbliana roimh an iarratas nó, má bhí an t-iarratasóir faoi bhun 18 mbliana d’aois tráth na diagnóise, i gcás gur chríochnaigh an chóireáil níos mó ná cúig bliana roimh an iarratas.
Dúirt an tAire McGrath:
“Tá cur chun feidhme oifigiúil an Chóid Cleachtais seo ina chéad chéim dhearfach i dtreo rochtain ar árachas cosanta morgáiste a chinntiú do mharthanóirí ailse, rud ar saincheist thábhachtach don Rialtas é go fóill. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne Árachas Éireann agus a chuid comhaltaí go dtí seo chun an tionscnamh seo a thabhairt ar aghaidh. Is gá an díriú a leagan anois ar a chinntiú go soláthrófar leis an gCód na torthaí beartaithe do thomhaltóirí i ndáil le feabhas a chur ar rochtain ar chumhdach agus ar an eispéireas custaiméara. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don ról an-dearfach a d’imir Cumann Ailse na hÉireann, ar bhuail mé leis níos luaithe i mbliana, maidir le haird a tharraingt arís agus arís eile ar an tsaincheist seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Seanadóir Catherine Ardagh as Bille an Bhainc Ceannais (Leasú), 2022, a thabhairt ar aghaidh ar an ní seo.”
Thug an tAire Stáit Carroll MacNeill an méid seo a leanas faoi deara:
“Mar thoradh ar chur chun feidhme an Chóid Cleachtais nua seo ag na gnólachtaí is sínitheoirí, beidh na marthanóirí ailse lena mbaineann in ann filleadh, ar bhealach éigin, ar chúrsaí mar a bhí, a mhéid a bhaineann le cumhdach árachais cosanta morgáiste a fháil, rud a ndéanann an chuid is mó dínn talamh slán de. Cuirfidh sé sin deireadh le ceann amháin de na bealaí ina gcuireann ailse isteach ar bheatha marthanóirí ailse, agus tá súil agam go gcuirfidh tuilleadh árachóirí a n-ainm leis an gCód Cleachtais ar mhaithe le fíordhifear a dhéanamh do gach duine lena mbaineann le himeacht ama”.
Ar leithligh uaidh sin, leanann an Roinn Airgeadais le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí leanúnacha beartais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun rochtain chóir ar sheirbhísí airgeadais a thabhairt do mharthanóirí ailse. Áirítear leo sin an togra ón gCoimisiún Eorpach chun Cód Iompair a fhorbairt faoin mbliain 2024, faoi “Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa”.
Críoch
Nótaí d’Eagarthóirí: