Aitheantas tugtha ag an Taoiseach agus ag an Aire O'Brien do Chlár a chuireann tacaíochtaí ar fáil dóibhsean is mó a dteastaíonn cúnamh uathu
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Taoiseach, Micheál Martin TD agus an tAire Stáit d’Fhorbairt Pobail agus Carthanais Joe O’Brien, T.D. Tuarascáil Bhliantúil 2020 an Chláir Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail (SICAP) inniu (Dé Sathairn, an 3 Iúil 2021).
Is é an clár seo, arna maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, príomhthacaíocht thiomnaithe na hÉireann um ionchuimsiú sóisialta. Cuirtear i bhfeidhm é chun pobail a threisiú, chun an bochtaineacht a laghdú agus chun dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta i measc na ngrúpaí agus na ndaoine aonair is mó a mbíonn deacracht acu teacht ar ghnáth-thacaíochtaí agus ar an bpobal i gcoitinne.
Leagtar béim sa tuarascáil bhliantúil ar thábhacht an chláir, mar aon leis an tábhacht a bhaineann leis na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla agus na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil a sheachadann an clár, don fhreagairt ar COVID-19 do na daoine is imeallaithe in Éirinn.
Le linn dó an tuarascáil a sheoladh in éineacht le Joe O'Brien, T.D., an tAire Stáit d’Fhorbairt Pobail agus Carthanais, dúirt an Taoiseach:
"Cuireann sé ríméad orm Tuarascáil Bhliantúil 2020 an Chláir Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail a sheoladh i dteannta an Aire Joe O'Brien i gCorcaigh inniu.
"Léirítear go soiléir i dTuarascáil Bhliantúil SICAP an tacaíocht ríthábhachtach a chuirtear ar fáil do go leor pobal leis an gclár seo, lena n-áirítear tríocha míle leanbh agus duine óg, agus breis is naoi míle tuismitheoir agus caomhnóir dar tugadh cúnamh le bliain anuas.
"Chuaigh dúthracht oibrithe SICAP ar fud na tíre i bhfeidhm ar go leor daoine ar bhealach a athróidh a saol.
"Cuireadh raon tacaíochtaí ríthábhachtacha ar fáil do phobail imeallaithe na tíre le cuideachtaí ar nós Comhpháirtíocht Chathair Chorcaí, Forbairt Bhealach Eabhra, SECAD, IRD Dhúiche Ealla, Comhpháirtíocht Abhainn Dhubh agus Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí, agus ba fíorthábhachtach iad na tacaíochtaí sin i gcomhthéacs dhúshláin na paindéime."
Dúirt an tAire O’Brien:
"Tá lúcháir orm a bheith in ann filleadh ar Chorcaigh i dteannta an Taoisigh, agus gabhaim buíochas leis as glacadh leis an gcuireadh a thug mé dó an tuarascáil seo a sheoladh agus aird a tharraingt ar obair ríthábhachtach SICAP. Tá mé an-bhródúil as SICAP - ní fhéadfaí an iomarca béime a leagan ar thábhacht an chláir agus an ról atá aige mar phríomhuirlis an Stáit chun aghaidh a thabhairt ar ionchuimsiú sóisialta, go háirithe le linn géarchéim náisiúnta. Dearbhaítear an méid seo sa tuarascáil bhliantúil a tharraingíonn aird ar thábhacht agus ar sholúbthacht an chláir le linn na paindéime mar aon le hacmhainn agus saineolas baill foirne sna Cuideachtaí Forbartha Áitiúla a d'fhreagair go héifeachtach lena chinntiú go ndéanfaí freastal i gcónaí ar riachtanais na bpobal faoina gcúram ag an bpointe ba mheasa den ghéarchéim sláinte. Beidh dúshláin nua roimh SICAP de réir mar a leantar leis an téarnamh sóisialta de thoradh COVID, agus tá mé tiomanta tacú leis an gclár dul i ngleic leis na dúshláin sin.
Is é Pobal a choimisiúnaigh an tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn agus a chuir i gcrích í. Déanann Pobal an clár a bhainistiú thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Dúirt Anna Shakespeare, Príomhfheidhmeannach Pobal:
"I dTuarascáil Bhliantúil 2020 an Chláir Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail (SICAP), déantar iniúchadh ar an mbealach a cuireadh an clár in oiriúint do phaindéim COVID-19 agus ar an mbealach a d'fhreagair an clár uirthi. Is píosa oibre tábhachtach í an tuarascáil seo agus cuirim fáilte mhór roimh a seoladh inniu. Ní hamháin go dtarraingítear aird sa tuarascáil ar dhea-ionchar agus luach láithreacht na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla (LDCanna) i bpobail trasna na tíre, ach tarraingítear aird freisin ar an mbealach a chumasaítear iad de bharr na gcaidrimh atá acu cheana le pobail, grúpaí áitiúla agus eagraíochtaí eile chun riachtanais áitiúla a aithint agus páirt a ghlacadh i bhfreagraí comhoibríocha a chur ar fáil trí SICAP le linn tréimhse dhúshlánach. Chaith sé seo solas ar an ról dearfach atá ag SICAP maidir le réimse leathan tacaíochtaí ionchuimsithe sóisialta a chur ar fáil ag leibhéal an phobail.
"Tá Pobal tiomanta d'oibriú go dlúth leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD), le Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDCanna), le Cuideachtaí Forbartha Áitiúla (LCDanna) agus le páirtithe leasmhara eile chun leanúint den bhochtaineacht a laghdú agus den ionchuimsiú sóisialta agus den chomhionannas a chur chun cinn trí thacú le pobail agus le daoine aonair ar fud na hÉireann."
Áirítear i measc phríomhéachtaí an chláir don bhliain 2020: