Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil an Chláir Náisiúnta Sláinte do Mhná agus Naíonáin ina sonraítear dul chun cinn suntasach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil an Chláir Náisiúnta Sláinte do Mhná agus Naíonáin ina sonraítear dul chun cinn suntasach i gcur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Máithreachais in 2022
D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly Tuarascáil Bhliantúil an Chláir Náisiúnta Sláinte do Mhná agus Naíonáin (CNSMN) do 2022.
Is é ról an CNSMN i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bheith i gceannas ar bhainistiú, eagrú agus seachadadh seirbhísí máithreachais, gínéiceolaíochta agus nua-naíoch, ag neartú na seirbhísí seo trí obair a dhéantar faoi láthair ar fud an chúraim phríomhúil, phobail agus ghéarchúraim a thabhairt le chéile.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Mar Aire Sláinte, tá feabhas a chur ar shláinte na mban ar cheann de na tosaíochtaí atá agam, agus tá cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Máithreachais fós ina cuid thábhachtach den chlár oibre sláinte níos leithne faoi Chlár an Rialtais. Ag tógáil ar an infheistíocht shuntasach in 2021, tá áthas orm a fheiceáil go léiríonn an Tuarascáil seo go soiléir go bhfuil tionchar dearfach ag an infheistíocht mhéadaithe in 2022, lena n-áirítear beagnach €8.7 milliún don Straitéis Náisiúnta Máithreachais, ar chúram sláinte na mban.
"Tá an fócas atá curtha againn ar shláinte na mban ag déanamh difríocht, agus tá an infheistíocht spriocdhírithe ag aistriú go feabhsuithe d'othair. Mar shampla, maoiníodh os cionn 100 ball foirne lánaimseartha dár seirbhísí máithreachais in 2022, rud a ligeann dúinn an rogha cúraim a mhéadú níos mó fós trína chinntiú go bhfuil ardchleachtóir cnáimhseachais ag gach ceann de na 19 n-aonad anois chun an chonair chúraim a dtacaítear léi a chur i bhfeidhm. Tá speisialtóirí cnáimhseachais chliniciúla curtha leis againn freisin i réimsí ar nós diaibéiteas, oiliúna tuismitheoirí agus toircheas ardriosca, agus táimid tar éis forbairt mol cúraim iarbhreithe a mhaoiniú agus a chur chun cinn. Leanadh ar aghaidh ag rolladh amach an tSamhail Chúraim Ghínéiceolaíochta Siúlach, agus bhí 12 chlinic san iomlán i bhfeidhm faoi dheireadh 2022. Rinneadh forbairt shuntasach freisin i réimsí sos míostraithe, endometriosis, agus torthúlachta, le seirbhísí nua á seachadadh agus á gcur chun cinn i rith na bliana. Táim ag tnúth le dul chun cinn leanúnach a fheiceáil sna forbairtí seo, as a dtiocfaidh tacaíochtaí feabhsaithe agus torthaí níos fearr do mhná."
Bunaíodh an CNSMN chun cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Máithreachais a bhrú chun cinn agus, ina leith sin, rinne an Clár maoirseacht ar fheabhsuithe suntasacha inár seirbhísí máithreachais le sé bliana anuas chomh maith le hathchóirithe níos moille a chur chun cinn ar ár seirbhísí gínéiceolaíochta.
Chríochnaigh an tAire Donnelly ag rá:
"Chuir an CNSMN go mór le forbairt ár seirbhísí máithreachais, agus le déanaí le réimsí eile de shláinte na mban, mar shampla ár seirbhísí gínéiceolaíochta a athchóiriú. Léirítear i dTuarascáil Bhliantúil an Chláir gur lean na hiarrachtaí chun cúram sláinte ardchaighdeáin agus tráthúil a chur ar fáil do mhná in Éirinn go dícheallach i rith 2022 agus ba mhaith liom CNSMN a mholadh as an dul chun cinn atá déanta acu."
Dúirt Bernard Gloster, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS:
"Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Chláir Náisiúnta Sláinte do Mhná agus Naíonáin don bhliain 2022. Is gné thábhachtach den chúram sláinte é seo agus is gné lárnach den mhéid a dhéanaimid sábháilteacht agus sláinte na mban agus na leanaí a chinntiú.
"Tá leathnú suntasach tagtha ar shainchúram CNSMN ó bunaíodh é agus tá athchóirithe an-suntasacha feicthe aige ar sheirbhísí gínéiceolaíochta agus ar shláinte na mban. D'éascaigh an infheistíocht leanúnach sna seirbhísí seo in 2022 an t-athrú seo agus an dul chun cinn iontach atá déanta maidir leis an Straitéis Náisiúnta Máithreachais a chur i bhfeidhm."
Mar atá molta ag an Straitéis Náisiúnta Máithreachais, tá a Thuarascáil 2022 curtha faoi bhráid an Aire Sláinte ag an gClár Náisiúnta Sláinte do Mhná agus Naíonáin (CNSMN). Leagtar amach sa Tuarascáil an dul chun cinn atá déanta maidir leis na sruthanna oibre faoi shainchúram CNSMN, le béim ar leith ar chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Máithreachais agus ar fhorbairtí inár seirbhísí máithreachais ar bhonn níos leithne. Tugtar breac-chuntas sa Tuarascáil freisin ar an dul chun cinn atá déanta i réimsí eile d'obair CNSMN, lena n-áirítear athchóiriú leanúnach ar sheirbhísí gínéiceolaíochta agus raon forbairtí sláinte ban.
Leagtar amach i dTuarascáil 2022 CNSMN roinnt forbairtí agus éachtaí tábhachtacha, lena n-áirítear: