Déanann an tAire Martin ceiliúradh ar thallann na hÉireann agus Éire tar éis dhá Dhuais de chuid an Acadaimh a bhuachan
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, comhghairdeas inniu leis na buaiteoirí Éireannacha ag searmanas Dhuaiseanna Acadaimh na bliana seo.
Is iad na daoine a fuair na gradaim is airde in earnáil na scannánaíochta ná meitheal ‘An Irish Goodbye’ agus Richie Baneham agus a chriú ó ‘Avatar: The Way of Water’.
Dúirt an tAire Martin gur “oíche stairiúil” a bhí ann d’Éirinn, agus gur léirigh sé an saibhreas tallainne atá i dtionscal na hÉireann anois”.
Ag labhairt in Los Angeles, California, áit a raibh an Chonsalacht agus an tAire ag óstáil imeacht do léiritheoirí, d’fheidhmeannaigh scannán agus do phobal na hÉireann chun féachaint ar an Dhuaiseanna an Acadaimh, dúirt an tAire:
“Ócáid thar a bheith tábhachtach ar an oiread sin leibhéal atá i searmanas na hoíche seo; do na hainmnithe a bhfuil moladh tuillte acu as a gcuid iarrachtaí cruthaitheacha; do thionscal scannán na hÉireann atá ag dul ó neart go neart; agus ar son gach duine againn in Éirinn atá chomh bródúil as an tallann agus as an méid atá bainte amach agaibh.”
“Thaispeáin searmanas Dhuaiseanna an Acadaimh ár mbuanna, ár dteanga, agus áilleacht ár dtíre mar cheann scríbe turasóireachta do lucht féachana domhanda, agus leis na tionscadail spreagúla atá á léiriú faoi láthair, níl aon chúis nach féidir linn a bheith san iomaíocht gach bliain ag an leibhéal is airde, mar gheall ar an tallann chruthaitheach sa tír i láthair na huaire.”
Idir an dá linn, mhol an tAire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, Patrick O'Donovan TD, an fhoireann taobh thiar de An Cailín Ciúin as a bheith ainmnithe sa chatagóir don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr.
Cuireadh an scannán, a cuireadh in oiriúint ó leabhar le Claire Keegan, Foster, ar an ngearrliosta don Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta is Fearr. Is é an chéad scannán Gaeilge riamh a fuair ainmniúchán Oscar.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus Fís Éireann a mholadh as tacaíocht a thabhairt d’ábhar drámaíochta ar ardchaighdeán i nGaeilge, go háirithe An Cailín Ciúin.”
Tá an tAire Martin in LA faoi láthair ag tabhairt faoi mhórmhisean trádála SAM chun infheistíocht a spreagadh i dtionscal scannán, turasóireachta agus cultúir na hÉireann.
Ag machnamh ar bhua stairiúil na hÉireann ag Duaiseanna an Acadaimh, dúirt an tAire go mealltar scannáin ar nós The Banshees of Inisherin agus An Cailín Ciúin agus go leor léiriúcháin eile go hÉirinn mar thoradh ar thacaíocht maoinithe ó fhaoiseamh cánach scannán Alt 481.
Thug an tAire le fios freisin go bhfuil iar-léiriú agus Éifeachtaí Amhairc anois mar phríomhréimse saineolais i dtionscal scannán na hÉireann, agus aithnítear tallann na hÉireann sa bhaile agus go domhanda. Dúirt sí:
“Tabharfaidh an síneadh ar an bhfaoiseamh cánach do scannán Éireannach (Alt 481) go dtí deireadh mhí na Nollag 2028 cinnteacht luachmhar dár dtionscal scannán ar fáil agus cuireadh fáilte mhór roimh an scéala san earnáil. Léiríodh rath an scéim faoisimh cánach sa líon is airde ainmniúchán do Dhuaiseanna an Acadaimh a fuarthas do scannáin agus scannánóirí Éireannacha i mbliana.”
Áiríonn turas an Aire Martin – cuid lárnach de chlár Lá Fhéile Pádraig an Rialtais – cruinnithe leis na stiúideonna agus na cuideachtaí léiriúcháin is fearr ar domhan sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear Sony agus Disney, lena n-áirítear ionadaithe ó Marvel, Searchlight agus Lucas Film.
Tá sé mar aidhm ag an misean trádála tógáil ar mholadh na léirmheastóirí do thionscal scannán na hÉireann agus ar an aitheantas do thallann de chuid na hÉireann ar stáitse an domhain.
Féachfaidh an tAire Martin le caidrimh oibre a neartú idir earnáil scannán na hÉireann agus cuid de na stiúideonna scannán agus na cuideachtaí léiriúcháin is mó ar domhan, chomh maith le cáil na hÉireann mar cheann scríbe turasóireachta domhanda a neartú.