Fógraíonn na hAirí Martin agus Chambers allúntas ar fiú beagnach €3.7m don phróiseas pleanála teanga i mbliana
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Chambers inniu go gcuirfear maoiniú €3,663,280 ar fáil don phróiseas pleanála teanga d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta i mbliana. Cuirfear suas le €3,169,380 den allúntas ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus €494,000 d’Fhoras na Gaeilge chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn sa bhliain reatha.
Agus cuairt á thabhairt aige ar Phort Láirge, sheol Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbháin go hoifigiúil inniu.
Is é Dún Garbháin le Gaeilge a chuir an plean teanga i dtoll a chéile chun an próiseas pleanála teanga a chur ar bun i nDún Garbháin. Fostófar Oifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Is é plean teanga Dhún Garbháin an seachtú plean teanga a ceadaíodh do ghrúpa pleanála teanga taobh amuigh den Ghaeltacht, idir Líonraí Gaeilge agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge seo le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, lena fheachtas nua Gaelphobal a chaitheann solas ar an dea-obair atá ar siúl sna ceantair seo.
Tá pobail ó Leitir Ceanainn, Iarthar Bhéal Feirste, Gaillimh, Baile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin agus Inis gníomhach san fheachtas seo, ag spreagadh a bpobal an Ghaeilge a úsáid agus páirt á glacadh acu in imeachtaí a bpobal. Le pleananna ceadaithe anois i dTrá Lí agus i nDún Garbháin, tá borradh ag teacht ar na pobail Gaeilge seo fud fad na tíre.
Dúirt an tAire Catherine Martin inniu:
“Tá an-obair ar siúl ó cheann ceann na tíre agus pobail ag cur na Gaeilge chun cinn ag leibhéal áitiúil. Tá freagracht nach beag ar Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar a bhaineann sé le réimse oibre na Pleanála Teanga, agus comhoibriú dá réir ar bun ag an dá eagraíocht le mo Roinnse. Molaim na pobail go léir atá i mbun na hoibre seo. Cuireann siad beocht agus spiorad sa Phleanáil Teanga agus a ngabhann leis an obair seo.”
Agus plean Teanga Dhún Garbháin á cheadú aige dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Ba mhaith liom tréaslú le Dún Garbháin le Gaeilge - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhís Gaeltachta - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don bhaile. Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Dhún Garbháin do phobal an bhaile a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán chuig na glúnta atá le teacht. Tacóidh an maoiniú suntasach a d’fhógair muid inniu le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga i nDún Garbháin, i nGaeltacht na Déise agus ar fud na tíre, ar mhaithe leis an nGaeilge a láidriú.”
Ina theannta sin, tá an tAire Stáit Chambers ag tapú an deis cuairt a thabhairt ar Choláiste na Rinne, coláiste samhradh atá ar an bhfód le os cionn 100 bliain. Chas an tAire le hionadaithe ón gcoláiste, ó Chomhlucht Forbartha na nDéise atá mar cheanneagraíocht Phlean Teanga na nDéise agus leis an Oifigeach Pleanála Teanga atá i mbun oibre sa LPT. Tá Plean Teanga na nDéise ag feidhmiú anois le cúpla bliain agus obair ríthábhachtach á déanamh ag an gceanneagraíocht, an OPT agus muintir na háite ar fad chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chosaint agus a fhorbairt.