Ainmníonn an tAire Donohoe beirt Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin ar Bhord Bhanc Aontais Éireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, inniu (Dé Luain) go bhfuil Ann O’Brien Uasal agus Raj Singh Uasal á n-ainmniú ar bhord AIB Group plc.
Ag trácht ar na ceapacháin dó, dúirt an tAire Donohoe:
"Tugtar gealltanas faoi Chlár an Rialtas Comhpháirtíochta éirí as Stiúrthóirí Leasa Poiblí nua a cheapadh i ndáil leis na bancanna ina bhfuil scaireanna ag an Stát agus leasú a dhéanamh ar an bpróiseas trína ndéanfar daoine arna n-ainmniú ag an Aire a cheapadh ar an mbord ag gach banc faoi leith as seo amach. Is de bhun chearta an Stáit mar scairshealbhóir i ngach ceann de na bancanna atá ceapacháin á ndéanamh feasta seachas de bhíthin na cumhachta a leagtar ar an Stát faoin Acht um Fhorais Creidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) mar a bhíodh i gceist maidir le Stiúrthóirí Leasa Poiblí".
“Tar éis don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) agus don Roinn Airgeadais próiseas roghnúcháin a eagrú a bhí cuimsitheach follasach agus lenar bhain painéal measúnóireachta ar a raibh mórlach de chomhaltaí neamhspleácha, le taithí shuntasach ar ghnóthaí an tionscail, is cúis áthais dom inniu ceapachán Ann agus Raj a fhógairt ar Bhord Bhanc Aontais Éireann. Seo iad na ceapacháin tosaigh faoin bpróiseas nua seo agus tá mé cinnte go ndéanfaidh an bheirt seo atá ardchumasach agus lán taithí cion tairbhe den suntas do bhord an bhainc gan aon mhoill.”
Chuir an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas cuimsitheach follasach ar bun sa bhliain 2018 d'fhonn iarrthóirí leis an gcumas cuí a aimsiú a d'fhéadfadh an tAire a ainmniú ar an mbord ag na trí bhanc ina bhfuil scaireanna ag an Stát, eadhon, Banc Aontas Éireann, Banc na hÉireann agus Permanent TSB. Éilítear, ar an gcéim deiridh den phróiseas, go ngnóthaíonn na hiarrthóirí a roghnaítear aontú rialaitheoireachta trí phróiseas measúnóireachta Bhanc Ceannais na hEorpa a shásamh i ndáil le Feidhmiúlacht agus Cuibheas.
Tugann an fógra seo ón Aire an próiseas ceapacháin maidir le Banc Aontas Éireann chun críche agus beidh fógraí eile maidir le stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin a ainmniú in Permanent TSB agus i mBanc na hÉireann á ndéanamh i rith na míonna seo romhainn de réir mar a thugtar na próisis ina leith sin chun críche.
Nóta don Eagarthóir:
Banc | Ceapadh | Scor/deireadh téarma | |
Banc Aontais Éireann | |||
Michael Somers* | Ean 2010 | Nol 2017 | |
Dick Spring | Ean 09 | Nol 2014 | |
Declan Collier | Ean 09 | Meith 2012 | |
Banc na hÉireann | |||
Tom Considine | Ean 09 | Nol 2017 | |
Joe Walsh** | Ean 09 | Samh 2014 | |
Permanent TSB | |||
Margaret Hayes | Nol 08 | Beal 2013 | |
Ray McSharry | Nol 08 | Beal 2013 |
*Ainmniúchán de chuid an Rialtais (seachas ceapachán mar Stiúrthóir Leasa Poiblí) a bhí i gceist an tráth ar ceapadh an Dr Michael Somers ar bord AIB an 14 Eanáir 2010 faoi théarmaí infheistíocht €3.5bn an NPRFC i Scaireanna Tosaíochta i mBanc Aontas Éireann i mí Bealtaine 2009. Rinneadh a athcheapadh faoi dhó ina dhiaidh sin.
**Tháinig deireadh le téarma Joe Walsh ina stiúrthóir nuair a d'éag sé i mí na Samhna 2014
Cuntais Beathaisnéise:
Ann O’Brien
Tá breis agus 30 bliain caite ag Ann i dtionscal na seirbhísí airgeadais. Fuair sí ollscolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Le fiche bliain anuas, bhí Ann i gceannas ar bhearta casta maidir le comhairleoireacht bainistíochta i gcuid mhór de na heagraíochtaí baincéireachta agus urrúis is mó ar domhan. Post mar Phríomhoifigeach le Deloitte i Nua-Eabhrac an post is deireanaí bhí ag Ann mar a ndearna sí fónamh ar feadh 10 mbliana. As Éirinn ó dhúchas í agus tá tréimhsí caite aici freisin ag obair agus ina cónaí sa Ríocht Aontaithe, i Lucsamburg agus sa Fhrainc.
Raj Singh
Tá taithí ceithre bliana déag agus fiche ag Raj ag obair ar chúrsaí gnó, priacail agus rialála in eagraíochtaí ollmhóra seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear baincéireacht idirnáisiúnta, tráchtála, phríobháideach agus tomhaltóireachta ar feadh seacht mbliana déag agus tréimhse chomh fada céanna i gcuibhreannais airgeadais, i gcomhlachtaí athárachais, i gcomhlachtaí árachais agus i mbun bainistíocht sócmhainní. Rinne an tUasal Singh fónamh roimhe seo ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar bhiúró náisiúnta creidmheasa agus ar dhá fhoras airgeadais a dhéantar a thrádáil go poiblí chomh maith le tréimhsí a chaitheamh ar an mBord ag cuid mhór de na fochomhlachtaí móra baincéireachta, árachais, athárachais agus bainstíochta sócmhainní ag na cuideachtaí a raibh sé ag obair iontu. Áirítear ar na cuideachtaí sin Standard Life Aberdeen plc, Accedere AG, Swiss Reinsurance Company LTD, Allianz SE agus Citigroup. Tá sé faoi láthair ina Phríomhoifigeach Riosca agus ina chomhalta den Choiste Feidhmiúcháin le EFG International, grúpa príobháideach baincéireachta san Eilvéis. Saoránach de chuid na Stát Aontaithe é Raj atá ina chónaitheach sa Ríocht Aontaithe agus san Eilvéis.
CRÍOCH