Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 5 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,763 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Máirt, an 4 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 50 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,303 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“Is eol dom gurbh ábhar díomá do gach leor daoine an cinneadh a fógraíodh inné gan aistriú go dtí Céim 4. Caithfidh an FÉSPN tús áite a thabhairt, áfach, do smacht a choimeád ar scaipeadh an víris seo inár bpobail agus chun an dul chun cinn atá bainte amach againn go dtí seo a chosaint.
"Víreas fíorthógálach é COVID-19 agus tá méadú suntasach tugtha faoi deara againn ar a scaipeadh i measc roinnt contaetha le roinnt laethanta anuas. Tá monatóireacht an-dlúth á déanamh againn air seo.
"Díreoimid sna seachtainí amach romhainn ar leanúint lenár seacht ndícheall a dhéanamh chun scaipeadh an víris a mhoilliú chun gur féidir lenár scoileanna oscailt arís, chun gur féidir lenár seirbhísí cúram sláinte tosú arís le seirbhís a sholáthar, agus chun go gcosnaítear ár dtithe altranais.
“Ba mhaith liom an bhéim a chur, arís eile, ar a thábhachtaí atá sé leanúint le hiompar sábháilte a chur ar siúl, ar nós scaradh fisiciúil, ár lámha a ní go rialta, clúdach aghaidhe a chaitheamh pé áit ar cuí, sluaite a sheachaint agus Aip Rianaire COVID-19 a íoslódáil. Déanta fíordhifear trí na rudaí seo a dhéanamh i dtaobh smacht a choimeád ar scaipeadh an víris seo.”
CRÍOCH
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: