Fógraíonn an tAire Martin ceapachán Ard-Rúnaí nua na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, ceapachán Fheargail Uí Choigligh mar Ard-Rúnaí na Roinne, a fhógairt tar éis faomhadh an Rialtais níos luaithe inniu.
Tá an tUasal Ó Coigligh ina Rúnaí Cúnta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi láthair, le freagracht do pholasaí tithíochta agus ag déanamh comhordú ar an bplean, ‘Tithíocht do Chách’. Roimhe sin, bhí freagracht aige ar sheirbhísí uisce, Uisce Éireann ina measc. Bhí sé ina Rúnaí Cúnta ar Chultúr agus na hEalaíona ó 2015 go dtí 2018, agus é i gceannas ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, ‘Clár Chomóradh an Chéid’ Éire 2016 ina measc. Roimhe sin bhí freagracht aige as an bpolasaí Oidhreachta, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ina measc. Is cainteoir líofa Gaeilge é.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil an tUasal Ó Coigligh ceaptha ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
“Táim ag tnúth go mór a bheith ag obair le Feargal chun leanúint le hobair thábhachtach na Roinne seo, a bhfuil príomhról aici maidir le forbairt inbhuanaithe na Turasóireachta, an Chultúir, na nEalaíon, na Gaeltachta, an Spóirt, agus na Meán a threorú. Tacaíonn sainchúram leathan na Roinne seo le dul chun cinn sóisialta agus feabhsaíonn siad folláine, mar aon le fás cultúrtha agus eacnamaíoch ar fud sochaí na hÉireann.
“Agus ba mhian liom aitheantas a thabhairt don obair shuntasach a rinne an tArd-Rúnaí Katherine Licken, a éireoidh as a státseirbhís níos déanaí an tseachtain seo. Le linn a gairme mór le rá sa státseirbhís, thug Katherine ceannaireacht agus léargas gairmiúil den chéad scoth. Is mór agam an tacaíocht agus an chomhairle a thug sí le roinnt blianta anuas, agus guím gach rath uirthi amach anseo.”