Formheasann an tAire Sláinte méadú ar líon na nÁiteanna Oiliúna Intéirneachta agus Iarchéime Leighis
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, méadú de 120 post intéirneachta leighis a fhógairt chomh maith le áiteanna oiliúna iarchéime breise agus poist Chomhaltachta Iar-CSCST do mhí Iúil 2021.
Tá an tAire tiomanta don lucht saothair leighis a mhéadú agus is céim dhearfach í an cur chuige seo toisc go dtugann sé níos mó deiseanna dochtúirí a oiliúint, lena n-áirítear iad siúd ag leibhéal sinsearach.
Chomhaontaigh an tAire Donnelly nach féidir méadú buan i bpoist intéirneachta a mheas ina aonar agus bhí gá turas iomlán na hoiliúna iarchéime a mheas chun ailíniú le pleanáil an lucht saothair leighis agus na chéad chéimeanna eile i gcosán oiliúna iarchéime a chinntiú.
“Tá áthas orm go bhfuilimid in ann na háiteanna oiliúna leighis a mhéadú go suntasach ar bhealach níos buaine atá ailínithe le pleanáil an lucht saothair agus le riachtanais ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta sa todhchaí. Agus muid ag teacht amach as an tríú ráig de COVID-19 agus an bhéim arís ar dhúshláin ár seirbhíse sláinte, caithfear díriú ar earcú leanúnach dochtúirí sinsearacha chun freastal ar éilimh,” a dúirt an tAire Donnelly.
Bearta chun tacú le méadú de 120 áit intéirneachta ó mhí Iúil 2021
Chomhaontaigh an tAire na bearta seo a leanas chun tacú le hoiliúint leighis iarchéime in Éirinn:
Meastar go gcosnóidh na bearta nua thart ar €11.4m sa dhá bhliain amach romhainn agus €4.4m le maoiniú in 2021.
Fáiltíonn Príomh-Oifigeach Cliniciúil FSS, an Dr. Colm Henry, roimh an bhfógra ón Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ag deimhniú méadú ar líon na bpost intéirneachta leighis chomh maith le áiteanna oiliúna iarchéime breise agus poist Chomhaltachta Iar-CSCST do mhí Iúil 2021.
Deir an Dr Henry:
“Tá FSS tiomanta do phoist oiliúna a mhéadú agus ár spleáchas ar phoist neamh-oiliúna a laghdú agus leanfaimid orainn ag obair i dtreo na sprice sin trí mhéaduithe iomchuí ar líon na bpost oiliúna intéirneachta agus iarchéime ag teacht le riachtanais an lucht saothair leighis agus a chinntiú go gcoinnítear cumas, maoirseacht agus caighdeáin oiliúna."
Áiteanna Oiliúna Iarchéime
Tacófar leis an méadú ar líon na n-áiteanna intéirneachta le méaduithe in áiteanna oiliúna iarchéime, an chéad chéim eile sa chonair oiliúna tar éis intéirneacht a chríochnú.
Tá na méaduithe seo ar phoist oiliúna iarchéime ceadaithe sa bhreis ar an méadú atá ceadaithe cheana féin de 114 post oiliúna ar fud clár oiliúna iarchéime do ghlacadh isteach mhí Iúil 2021.
Cuirfidh na poist oiliúna bhreise deiseanna feabhsaithe ar fáil do dhochtúirí in Éirinn agus tacóidh siad sa deireadh le seachadadh amanna feithimh níos giorra, laghdú ar iontrálacha ospidéil míchuí, sreabhadh othar feabhsaithe, agus othair a scaoileadh amach níos luaithe chuig an bpobal.
Poist Chomhaltachta Iar-CSCST
I mí na Samhna 2020, d’fhógair FSS go mbunófaí 40 Post CSCST Ré COVID aon uaire do mhí Iúil 2021. Líonfaidh dochtúirí sinsearacha na Comhaltachtaí seo a bhfuil oiliúint curtha i gcrích acu chun príomhscileanna a fhorbairt inár seirbhís sláinte chomh maith le leanúint de thacaíocht a thabhairt d’iarracht COVID.
Cuirfidh deimhniú an lae inniu faoi bhuanbhunú na gComhaltachtaí Iar-CSCST bliana seo feabhas ar oiliúint agus scileanna speisialtóirí faoi oiliúint ar bhealach a rachaidh chun leasa na seirbhísí sláinte in Éirinn agus a chruthóidh deiseanna chun oiliúint a shaibhriú anseo agus chun speisialtóirí a theastaíonn in Éirinn a choinneáil.
Tabharfaidh tabhairt isteach na gComhaltachtaí buana Iar-CSCST seo líon na ndeiseanna Comhaltachtaí Iar-CSCST in Éirinn suas go dtí thart ar 55 in aghaidh na bliana.
Sna míonna atá amach romhainn, beidh FSS ag tabhairt faoi athbhreithniú foirmiúil ar líon na bpost intéirneachta agus na bpost oiliúna iarchéime lena chinntiú go mbeidh líon na n-áiteanna intéirneachta ag teacht le riachtanais phleanála lucht saothair leighis na seirbhíse sláinte sa todhchaí. Mar chuid den athbhreithniú seo, breithneofar na suíomhanna cliniciúla ina bhfuil gá le poist intéirneachta bhreise chun a chinntiú go soláthraíonn an chumraíocht reatha an tsamhail is éifeachtaí agus is iomchuí ó thaobh an oideachais de.
Críoch