Ráiteas ón bPríomhoifigeach Leighis maidir le comhairle sláinte poiblí do dhaoine aosta -Dé Domhnaigh an 19 Meán Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le 18 mí anuas tá ualach mór curtha ar dhaoine aonair, ar phobail agus ar an tsochaí ina hiomláine. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis an bpobal as bhur dlúthpháirtíocht go dtí seo agus as bhur gcuid iarrachtaí leanúnacha chun stop a chur le scaipeadh COVID-19.
Bhí tionchar díréireach ag paindéim COVID-19 agus ag na bearta riachtanacha sláinte poiblí a tugadh isteach chun gach duine againn a chosaint ar na tionchair is measa atá ag an víreas seo ar dhaoine aosta. Tá a fhios agam go háirithe, agus muid ag bogadh isteach i dtréimhse an fhómhair/an gheimhridh agus ag ullmhú do na hoícheanta dorcha agus an aimsir fhuar a bhíonn ann le linn na séasúr seo, go bhfuil imní ar go leor daoine sa chohórt seo faoin gcaoi ar féidir linn go léir leanúint ar aghaidh ag sóisialú go sábháilte agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta agus coirp a choinníonn ceangailte sinn lenár gcairde, lenár dteaghlaigh agus leis na pobail níos leithne.
Tá ár gcomharsana ar fud an Aontais Eorpaigh agus go deimhin, ar fud an domhain in éad linn mar gheall ar leibhéal ard vacsaínithe na hÉireann.
Tugann na leibhéil arda vacsaíní a glacadh i measc na gcohóirt go léir ábhar misnigh dúinn, ach go háirithe i measc daoine os cionn 65 bliana d’aois. Go deimhin, taispeánann an taighde Amárach is déanaí ón Roinn Sláinte go ndeir 96% de na freagróirí 55 bliana d’aois agus níos sine go bhfuil siad cosanta go hiomlán trí vacsaíniú.
Is é an vacsaíniú an bealach is fearr atá againn i gcónaí chun cosaint i gcoinne COVID-19. Tá na vacsaíní atá ar fáil in Éirinn an-sábháilte agus éifeachtach i gcoinne COVID-19. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh sé indéanta fós do dhaoine atá vacsaínithe an galar seo a tholg nuair atá leibhéil chomh hard sin fós againn sa phobal, tá na vacsaíní seo éifeachtach go háirithe chun an dóchúlacht go bhfaigheadh duine droch-ionfhabhtú agus go gcaithfidh iad a chur isteach san ospidéal nó san aonad dianchúram a threorannú. Tá daoine áirithe ann nár thapaigh an deis an vacsaín a fháil fós, nó a chuir moill ar an dara dáileog a fháil ar chúiseanna éagsúla. Molaim go láidir do na daoine sin a chinntiú go bhfaigheann siad vacsaíniú iomlán chomh luath agus is féidir d’fhonn iad féin agus na daoine timpeall orthu a chosaint.
Brisfear slabhraí an tarchuir trí vacsainiú agus trí chloí go leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí agus laghdófar minicíocht COVID-19 inár bpobail, rud a ligfidh dúinn uile taitneamh a bhaint as na gníomhaíochtaí a cuireadh ar ceal den chuid is mó le 18 mí anuas.
Lean ar aghaidh ag níochán lámha go rialta, ag caitheamh masc nuair is cuí - go háirithe i suíomhanna miondíola, ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte; fan amach ó dhaoine eile, coinnigh fuinneoga oscailte agus déan spásanna faoi dhíon a aerú, seachain sluaite agus fan taobh amuigh nuair is féidir chun bualadh le daoine eile.
Cuideoidh an tsraith beart seo chomh maith le stop a chur le fliú séasúrach, slaghdáin choitianta agus tinnis riospráide eile atá níos forleithne i rith míonna an gheimhridh.
Agus muid ag bogadh isteach sa chéad chéim eile den phaindéim, is é an gníomh is tábhachtaí le déanamh - má bhíonn siomptóim COVID-19 ort cosúil le casacht, fiabhras, tinneas cinn, scornach
tinn agus srón phlúchta nó ag sileadh - aonraigh agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh a chuirfidh comhairle ort faoi cibé an gá duit tástáil a shocrú.