Seimineár Fostaíochta ar Líne ar an 1 Samhain á reáchtáil maidir le gairmeacha san Aontas Eorpach
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh seimineár maidir le deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge á reáchtáil ar líne ar an 1 Samhain ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann
Beidh imeacht ar líne á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhpháirtíocht le Rialtas na hÉireann Dé Céadaoin seo chugainn, 1 Samhain 2023, mar chuid d’Oireachtas na Samhna na bliana seo.
Seimineár lae é seo le haghaidh daoine a d’fhéadfadh cur isteach ar phoist le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tabharfar eolas ag an seimineár faoi na deiseanna sin agus cuirfear comhairle nithiúil phraiticiúil ar fáil i gceardlanna maidir le hiarratais ar na deiseanna seo a ullmhú. Tá an seimineár dírithe go háirithe orthu siúd a bhfuil suim acu tabhairt faoi ghairm san aistriúchán, san ateangaireacht, sa phrofléitheoireacht, sa dhlítheangeolaíocht nó faoi ghairm mar chúntóir teanga.
Beidh ceardlanna praiticiúla ar siúl mar chuid den seimineár ina dtabharfar léargas do na rannpháirtithe ar an obair fhiúntach a bhíonn ar siúl san Aontas Eorpach maidir leis an nGaeilge. Tá pobal na Gaeilge san Aontas Eorpach méadaithe go mór le blianta beaga anuas ach beidh deiseanna leanúnacha ag teacht aníos d’iarratasóirí nua sna blianta amach romhainn.
Ag labhairt faoin seimineár i mbliana dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan, TD:
“Is tosaíocht phríomha é do Rialtas na hÉireann an teanga a chur chun cinn san Eoraip. Le blianta beaga anuas, tá stádas na Gaeilge tagtha chun cinn go mór san Aontas Eorpach cuireann sé sin ríméad orm.
Ina thaobh seo, tá tionscnaimh éagsúla curtha i bhfeidhm ag mo Roinn chun cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas.
Tugann an seimineár agus na ceardlanna seo deis do dhaoine eolas a fháil ar saol oibre san Eoraip, oiliúint agus leideanna a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo.”
Is féidir gach eolas faoin seimineár, agus nasc chuig an leathanach clárúcháin, a fháil ag: Seimineár agus ceardlanna ar líne: Deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge (europa.eu)