Ná Téigh sa Seans - Feachtas Feasachta maidir le Sláinte Plandaí seolta ag an Aire Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, “Ná Téigh sa Seans!” na Roinne go hoifigiúil inniu. Tá an feachtas chun feasacht ar Shláinte Plandaí a ardú in 2019 dírithe ar lucht taistil, turasóirí agus gnólachtaí tráchtála idirnáisiúnta a thugann plandaí, táirgí plandaí agus nithe ardriosca eile atá déanta as ábhar plandaí isteach go hÉirinn ó thar lear.
Dúirt an tAire Doyle:
"Tá ríméad orm tionscnamh ardú feasachta na bliana seo de chuid mo Roinne maidir le sláinte plandaí a sheoladh anseo ag Bloom. Tá mo Roinn tiomanta tionscal gairneoireachta na hÉireann agus an timpeallacht trí chéile a chosaint ó ghalair agus ó lotnaidí andúchasacha."
Tá dlúthbhaint ag Sláinte Plandaí le Sábháilteacht Bhia, slándáil Bhia agus le cosaint na timpeallachta níos forleithne. Tá ról tábhachtach ag plandaí chomh maith dár ndóigh maidir le pailneoirí sa bhithéagsúlacht.
An aidhm atá leis an bhfeachtas “Ná Téigh sa Seans!” ná feasacht a ardú maidir leis an tábhacht atá le sláinte plandaí agus mar atá an pobal in ann a gcuid a dhéanamh chun í a chosaint. Níl ardán níos fearr ná Bloom chun an straitéis seo a sheoladh agus mhol an tAire do dhaoine cuairt a thabhairt ar fhoireann na Roinne ag seastán 17 i bPailliún na mBláthanna agus dul i mbun cainte leo faoin ábhar seo.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Doyle:
"Measaim go mbeidh an pobal mór níos feasaí ar an bhfadhb thromchúiseach seo agus go smaoineoidh daoine go maith orthu féin agus iad thar lear gan dul sa seans agus go bhfágfaidh siad plandaí agus táirgí plandaí ina ndiaidh sa tír atá i gceist." Is féidir le daoine chomh maith dul chuig láithreán gréasáin mo Roinne www.agriculture.gov.ie/dontriskit áit a bhfuil tuilleadh eolais le fáil."
CRÍOCH
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag cur “Ná Téigh sa Seans!” chun cinn, feachtas chun feasacht a ardú atá dírithe ar lucht taistil, turasóirí agus gnólachtaí tráchtála idirnáisiúnta a thugann plandaí, táirgí planda agus nithe ardriosca eile atá déanta as ábhar plandaí isteach go hÉirinn ó thar lear. Tacaíonn an Eagraíocht Eorpach um Chosaint Plandaí (EPPO) agus an Coimisiún Eorpach go hiomlán leis an bhfeachtas i bhfoirm reachtaíocht sláinte plandaí. Ceann de na bealaí a dtagann orgánaigh dhíobhálacha plandaí isteach go hÉirinn ná trí dhaoine a thugann plandaí nó táirgí plandaí isteach sa tír a mbíonn na lotnaidí/galair seo orthu.
Is é is cuspóir don fheachtas aird a tharraingt ar an tionchar a bhíonn ag ábhar planda ionfhabhtaithe nó lotnaidí coraintín agus galair a thabhairt isteach go hÉirinn ar an timpeallacht, ar an ngeilleagar agus go sóisialta. D'fhéadfadh tionchair thromchúiseacha a bheith i gceist, is galar nua san Eoraip é Xylella fastidiosa mar shampla atá ag cur isteach ar 200 speiceas planda - Dair, Feá, Fuinseog, Marós agus Lus Liath. Tá sé in áiteanna san Iodáil, sa bhFrainc agus sa Spáinn agus tá scrios ollmhór déanta aige. Tá sé riachtanach ó thaobh na heacnamaíochta agus an chomhshaoil go ndéantar galair mar seo a chosc ó teacht go hÉirinn agus a bhunú anseo.