Fáiltíonn na hAirí Donnelly agus Feighan roimh thosach breise fhorálacha an Achta Sláinte Poiblí (Alcól)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh An tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus An tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, inniu roimh thosach ailt bhreise den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018.
Tiocfaidh alt 4 den Acht i ngníomh i mí na Samhna 2022. Is é cuspóir na forála seo a chinntiú go gcuirfear Seirbhís Sláinte Comhshaoil an FSS, údarás forfheidhmithe an Achta, ar an eolas roimh iarratais ar cheadúnais faoi na hAchtanna Deochanna Meisciúla agus, más mian leo déanamh amhlaidh, teacht os comhair cúirte agus fianaise a thabhairt ag éisteachtaí cúirte ar iarratais den sórt sin.
Aisghairtear le halt 10 den Acht, a thagann i bhfeidhm láithreach, ailt áirithe de na hAchtanna Deochanna Meisciúla ar cuireadh ailt den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) ina n-ionad. Go háirithe, tá alt 22 den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) a tháinig i ngníomh i mí na Samhna 2021 curtha in ionad alt 9 den Acht Deochanna Meisciúla 2008 a rinne foráil maidir le halcól a scaradh in asraonta miondíola measctha. Ag teacht i ngníomh láithreach freisin tá cumhachtaí déanta rialacháin an Aire faoi alt 12 den Acht maidir le lipéadú agus alt 13 ar fhógraí.
Dúirt An tAire Donnelly:
“Is ionann tús na bhforálacha seo agus dul chun cinn breise i dtreo gach alt den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) a chur i ngníomh. Tá an tAcht deartha chun na díobhálacha a dhéanann mí-úsáid alcóil a laghdú agus chun moill a chur ar ár leanaí agus daoine óga ag tosnú ag ól. Leanfaimid lenár gcuid oibre ar na forálacha eile d’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach.”
Dúirt An tAire Feighan:
“Thuairiscigh An Bord Taighde Sláinte i mbliana go bhfaigheann 1000 duine dár ndaonra bás gach bliain de dheasca díobhála a bhaineann le halcól. Cuideoidh na bearta san Acht Sláinte Poiblí (Alcól) leis na huimhreacha sin a laghdú. Fáiltím roimh thúis an lae inniu mar dhul chun cinn breise i dtreo chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú iomlán an phíosa dlí tábhachtach seo.”
CRÍOCH //
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
The Public Health (Alcohol) Act 2018 Irish Statute Book website.