Fógraíonn an tAire McConalogue go gcuirfear tús le híocaíochtaí TAMS 3
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go gcuirfear tús le híocaíochtaí maidir le héilimh a cuireadh isteach faoin Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS 3).
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire:
“Eiseofar íocaíochtaí dar luach beagnach €1.4 milliún san iomlán faoin Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS 3) an tseachtain seo, agus beidh siad á n-eisiúint ar bhonn seachtainiúil de réir mar a chuirtear éilimh isteach maidir le hinfheistíochtaí críochnaithe. Tá mo Roinn ag leanúint le ceaduithe a eisiúint thar gach scéim TAMS 3 freisin. Go dtí seo, tá i bhfad níos mó ná 12,000 ceadú eisithe chun tús a chur le hinfheistíochtaí maidir le hiarratais Sciar 1 agus Sciar 2. Leanfar ar aghaidh leis sin chomh maith le próiseáil na n-éileamh íocaíochta ar bhonn laethúil."
Mar fhocal scoir, chomhairligh an tAire:
“Is scéim thar a bheith rathúil agus tairbheach í TAMS ó bunaíodh í, agus tacaíodh le raon leathan míreanna infheistíochta ar fud na n-earnálacha feirmeoireachta go léir. Tá príomhfheabhsuithe nuachóirithe, comhshaoil agus sábháilteachta curtha ar fáil aige ar na mílte feirmeacha ar fud na tíre, agus ag an am céanna tá sé ag tacú le geilleagair áitiúla i rith chéim thógála na bhforbairtí. Mholfainn do gach iarratasóir reatha a bhfuil cead acu a n-éilimh ar íocaíocht a chur isteach a luaithe a bheidh siad críochnaithe.”
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir:
Faoin Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhfeirm, ar a dtugtar TAMS 3, tá 10 scéim aonair ann. Is iad seo a leanas iad:
• Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Cothaitheach (AWNSS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaithe (PPIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €500,000
• Scéim um Threalamh Déiríochta (DES) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Óga (YFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Ban (WFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (FCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000
• Scéim Trealamh Scaipthe Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €40,000 ar leithligh ó scéimeanna eile.
Ba cheart ceisteanna de chineál teicniúil a bhaineann leis na sonraíochtaí a chur isteach mar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tams@agriculture.gov.ie
Le haghaidh gach fiosrú TAMS eile, déan teagmháil le Rannóg Riaracháin TAMS 3 ar 053 9163425.
Is féidir le conraitheoirí a eTC agus a gcód rochtana a chlárú ach ríomhphost a chur chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie .