Ráitis N &P d'Eanáir go Iúil 2022 ar fáil anois
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair d’Eallach amháin (Ráitis N&P) don tréimhse 1 eanáir go 31 Iúil 2022 (eallach amháin) ar fáil anois ar chóras ar líne na Roinne www.agfood.ie .
Tá na ráitis seo úsáideach chun ligean d'fheirmeoirí pleanáil don bhliain amach romhainn agus chun a chinntiú go gcomhlíontar teorainneacha na Rialachán Níotráití, agus ar an gcaoi sin pionóis a sheachaint as teorainneacha 170 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir a shárú nó is é 250 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir an teorainn dóibh siúd a bhfuil maolú ceadaithe acu. Le héifeacht ón 9 Márta 2022, is é an ráta stoic uasta a cheadaítear le haghaidh coimíneachtaí ná 50kg N / ha gan aon nítrigin cheimiceach ceadaithe.
I measc na mbeart is féidir le gach feirmeoir a ghlacadh chun teorainneacha níotráití 170 kg/ha (nó 250 kg/ha do shealbhóirí maolaithe) a sheachaint tá:
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh agfood.ie cheana féin é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/service/department-of-agriculture-and-foods-online-services/#agfood.ie .
Tá tuilleadh eolais faoi Níotráití agus físeán taispeántais maidir le conas an córas gluaiseachtaí sciodair ar líne a úsáid ar fáil anseo: gov.ie - Timpeallacht Tuaithe &Inbhuanaitheacht - Níotráití (www.gov.ie) .