Seoltar an Comhairliúchán Náisiúnta ar Chomhráite faoin Aeráid
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Comhráite faoin Aeráid 2024 inniu, ina dtugtar cuireadh do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre a dtuairimí a chur in iúl ar conas is féidir linn aistriú inár ngeilleagar iomaíoch ísealcharbóin agus inár sochaí ísealcharbóin faoin mbliain 2050 ar bhealach atá cothrom agus a bhaineann na torthaí is fearr amach do dhaoine agus don phláinéad.
Rud tábhachtach, cuirfear Comhráite faoin Aeráid 2024 san áireamh sa chéad leagan eile den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus múnlóidh siad é. Leis an bPlean sin, comórfar lárphointe ríthábhachtach in aistriú na hÉireann chun ár n-astaíochtaí a laghdú faoina leath faoin mbliain 2030.
Ag labhairt dó faoi sheoladh Chomhráite faoin Aeráid 2024, dúirt an tAire Ryan:
"Ceann amháin de na gnéithe is tábhachtaí d’aistriú na hÉireann ina geilleagar ísealcharbóin agus ina sochaí ísealcharbóin is ea an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus caidreamh le chéile. Má táimid chun gníomhú ar son na haeráide a dhéanamh i gceart, is é an chéad rud atá le déanamh againn ná éisteacht le daoine faoina saol agus faoina bpobal, faoi na gníomhartha ar son na haeráide atá á ndéanamh acu cheana féin, agus faoi na dúshláin agus na hábhair imní atá acu faoi na hathruithe atá á mbeartú chun cabhrú lena chinntiú go mbeidh Éire réidh leis na deiseanna a bheidh ag gabháil le todhchaí ísealcharbóin nua.
"Bhunaíomar an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide chun an oiread daoine agus is féidir a chumasú a dtuairimí a chur in iúl agus páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta ar an aeráid, ar comhrá é is gá dúinn a dhéanamh. Ghlac thart ar 13,000 duine páirt san imeacht cheana féin sna trí bliana seo a chuaigh thart, agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh daoine páirteach chun go mbeidh sé níos mó agus níos fearr fós i mbliana."
Áirítear le Comhráite faoin Aeráid suirbhé mórscála ar líne, mar aon le himeachtaí comhairliúcháin i bpearsa ina mbeidh daoine in ann a dtuairimí a chur in iúl ar cé chomh tábhachtach agus atá gníomhú ar son na haeráide dóibh féin, agus ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta freisin. Thángamar ar na fionnachtana ginearálta seo a leanas an bhliain seo caite:
Chuir na fionnachtana sin bonn eolais go díreach faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024.
Threoraigh léargais ó Chomhráite faoin Aeráid an feachtas nua de chuid an Rialtais dar teideal 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide' freisin. Agus é ar an gcéad fheachtas náisiúnta rannpháirtíochta agus cumarsáide dá chineál riamh ar an aeráid, tá an feachtas sin ar bun ar leibhéal an phobail ó seoladh i dtús mhí Aibreáin é. Cuirfear arís eile leis an bhfeachtas i mí an Mheithimh nuair a sheolfar feachtas fógraíochta cruthaitheach ilmheán.
San fheachtas 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide', dírítear ar chluinstin ó phobail áitiúla, ar obair i gcomhar leo, agus ar labhairt leo faoina ndearcadh i leith an athraithe aeráide agus faoi na gníomhartha ar son na haeráide a bhainfidh na torthaí is fearr amach dóibh. Thar an mbliain atá le teacht, oibreoidh an feachtas i gcomhar le grúpaí fud fad na tíre chun aird a tharraingt ar an méid ollmhór oibre atá ar siúl cheana féin i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide, chun tacaíocht agus acmhainní a sholáthar do ghrúpaí a dteastaíonn an méid sin uathu, agus chun tuilleadh daoine a spreagadh labhairt agus smaoineamh faoi ghníomhartha ar son na haeráide agus tús a chur le gníomhartha den sórt sin.
Dúirt an tAire Ryan:
"I mbliana, táimid ag cur leis na nithe a d’fhoghlaimíomar an bhliain seo caite; táimid ag déanamh deimhin de go ndéanfaimid caidreamh le daoine san áit a bhfuil siad, mar shampla ina mbailte, ina sráidbhailte agus ina n-áiteanna oibre.
"Tá cuid mhór oibre le déanamh againn chun an bhearna idir an riocht atá orainn faoi láthair agus an riocht is gá a bheith orainn faoin mbliain 2030 agus ina diaidh a dhúnadh. Ach ní dhéanfaimid an t-aistriú seo mura rud é go mbeidh daoine i bhfách leis. Ní dhéanfaimid an t-aistriú seo mura rud é go mbeidh sé cothrom. Agus ní dhéanfaimid an t-aistriú seo mura rud é go dtuigfidh daoine gur féidir le gníomhú ar son na haeráide feabhas a chur ar a gcáilíocht beatha. Sin an fáth a bhfuilimid ag bualadh an bhóthair i mbliana, chun labhairt, chun éisteacht, chun comhchruthú agus chun obair le chéile."
Chun páirt a ghlacadh san imeacht agus chun a dtuairimí a chur in iúl, is féidir le daoine aonair agus pobail cuairt a thabhairt ar thairseach Chomhráite faoin Aeráid agus tuairimí a chomhroinnt faoi na spriocanna comhchoiteanna atá againn, faoi na nithe a baineadh amach go dtí seo agus faoi na nithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacú le pobail i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide.
CRÍOCH
Trína chlár um Chomhráite faoin Aeráid, bíonn an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide ag sainaithint bacainní ar ghníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ag forbairt uirlisí chun gníomhaíochtaí rannpháirtíochta aeráide a mheas, a thomhas agus a chothú.
Tá Comhrá faoin Aeráid 2024 á sheoladh ar aon dul le dianrialacha cosanta sonraí. Ar an gcúis sin, níl sé ar oscailt ach amháin do dhaoine os cionn 16 bliana d’aois. Rachfar i gcomhairle le daoine faoi bhun sé bliana déag d’aois trí fhócasghrúpaí agus trí ionadaithe ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid.
Chun gach duine sa tsochaí a chumhachtú cabhrú linn an Plean Gníomhaithe bliantúil ar son na hAeráide a chomhdhearadh, bhunaigh an Rialtas an tIdirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Tá ceithre phríomhchuspóir ag an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide:
Soláthraítear an tIdirphlé Náisiúnta trí chlár bliantúil imeachtaí atá bunaithe ar ár gComhráite faoin Aeráid.
An 26 Deireadh Fómhair 2023, reáchtáil foireann an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide seimineár gréasáin ar lena linn a chuir Ipsos na torthaí tosaigh ó Chomhráite faoin Aeráid i láthair. Tugtar an méid seo a leanas le tuiscint sna fionnachtana:
Tá taifeadadh ar an seimineár gréasáin ar fáil ag an nasc seo. Is féidir leat cóip den láithreoireacht a íoslódáil anseo freisin.
I mbliana, táimid ag cur leis na nithe a d’fhoghlaimíomar agus táimid ag leathnú ár gcláir. Táimid ag obair i gcomhpháirt le grúpaí pobail agus le comhlachtaí ionadaíocha chun dul i bhfeidhm ar shampla ionadaíoch leathan de shochaí na hÉireann, lena n-áirítear iad sin ar féidir go mbeidh tionchar ar leith ag ár n-aistriú chuig an neodracht carbóin orthu. Tá sé mar aidhm againn an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide a dhéanamh inrochtana do chách trí Chomhráite faoin Aeráid agus molaimid do gach duine a dtuairimí a chur in iúl; is é ár dtodhchaí atá i gceist!