Ceapann an rialtas comhalta nua chuig bord SEAI
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an rialtas tar éis Lisa Vaughan a cheapadh chuig Bord Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Is é Bord SEAI a leagann síos an straitéis agus na beartais do SEAI, agus tá sé freagrach as an gcóras um rialú inmheánach airgeadais, agus éifeachtacht an chórais á cinntiú aige trí phróisis agus nósanna imeachta éagsúla.
De réir an Achta um Fhuinneamh Inmharthana, 2002, cuimsíonn Bord SEAI dháréag comhaltaí (Cathaoirleach an Bhoird agus 11 chomhalta boird). Is é nó í an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, a dhéanann na ceapacháin chuig Bord SEAI.
Stiúrthóir Cairte a bhfuil taithí fhairsing rialachais aici is ea Lisa Vaughan. Fónann sí ar Bhord Bhord Iascaigh Mhara (BIM) faoi láthair, áit ar shealbhaigh sí roinnt ról ríthábhachtach, lenar áiríodh Cathaoirleach eatramhach an Bhoird agus Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca. Mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ghníomhaireacht Fuinnimh Thiobraid Árann, stiúrann Lisa Vaughan tionscadail náisiúnta a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, ag comhoibriú di go dlúth le hinstitiúidí Eorpacha agus le geallsealbhóirí maidir le gníomhú ar son na haeráide. Tá sí ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ag Electric Ireland Superhomes freisin. Shealbhaigh sí róil shinsearacha roimhe seo in Innealtóirí Éireann agus i bhFiontraíocht Éireann.
CRÍOCH
Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) údarás náisiúnta fuinnimh na hÉireann, atá tiomanta d’aistriú fuinnimh na hÉireann a stiúradh. Oibríonn SEAI i gcomhpháirt le saoránaigh, le pobail, le gnólachtaí agus leis an rialtas chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú agus a athsholáthar. Infheistíonn SEAI i réitigh atá éifeachtach agus inbhuanaithe, agus soláthraíonn sé réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.