Dheimhnigh an tAire Humphreys go bhfuil Cabhair Dhaonnúil ar fáil chun tacú leo siúd atá buailte ag tuilte móra i gContae na Mí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go bhfuil an Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil chun tacú leo siúd atá ina gcónaí i réadmhaoin ar fhear na tuilte go díreach uirthi i gContae na Mí le déanaí.
Cuireann an Scéim um Chúnamh Daonnúil cosc ar chruatan le tacaíocht airgeadais a ndéantar tástáil ioncaim orthu a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil damáiste déanta dá dtithe de bharr tuilte agus tréimhsí drochaimsire agus nach bhfuil in ann íoc as costais do bhunriachtanais, earraí tí agus deisiú struchtúrach. Tá ciste €10 milliún curtha i dtaisce chun na críche sin.
Dúirt an tAire go raibh sé tábhachtach, in ainneoin an líon beag daoine a bhí buailte, go gcuirfí an tacaíocht ar fáil chun cabhrú leo.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Rinne na tuilte le déanaí roinnt damáiste agus chuir siad isteach orthu siúd atá ina gcónaí in áiteanna i gContae na Mí, ceantar Bhaile an Bhiataigh ina measc. Tá mo roinn i dteagmháil ar an talamh leis na daoine atá thíos leis chun a chinntiú go bhfuil rochtain acu ar an gcúnamh a theastaíonn uathu.”
Agus í ag déileáil le heachtraí éigeandála, is iondúil go nglacann an roinn le cur chuige trí chéim mar seo a leanas:
Braitheann leibhéil íocaíochta faoin scéim ar dhéine choibhneasta an damáiste a rinneadh agus ar chumas an teaghlaigh na costais sin a chlúdach, le cinntiú go ndírítear an maoiniú go cuí.
Tá an measúnú acmhainne do Chúnamh Daonnúil níos flaithiúla ná an measúnú a dhéantar faoi íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh ar a ndéantar tástáil mhaoine de ghnáth. Is é bunphrionsabal na tástála ioncaim ná go gcáileoidh daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil meánleibhéil ioncaim acu le haghaidh cúnaimh, lena n-áirítear daoine nach faighteoirí Leasa Shóisialaigh iad.
Ní chlúdaíonn an scéim rioscaí atá clúdaithe ag polasaithe árachais ná ní chlúdaíonn sí caillteanais ghnó nó tráchtála.
Más gá, is féidir leis an tSeirbhís Leasa Pobail tacaíocht a chur ar fáil do bhunriachtanais eile, mar shampla, d'fhéadfaí Íocaíochtaí Riachtanas Breise a chur ar fáil chun cabhrú le costais riachtanacha nach féidir le duine a íoc óna n-ioncam seachtainiúil.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Pobail ar an líne ghutháin náisiúnta: 0818 60 70 80.