Ráiteas ón Aire Catherine Martin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Deimhním go bhfuil ráiteas an iar-Chathaoirligh feicthe agam.
An tseachtain seo caite, thug mé athchoimre cuimsitheach ar mo sheasamh féin agus seasamh Oifigigh na Roinne ar an ábhar seo. San áireamh ansin, bhí trí huaire go leith sa Chomhchoiste Oireachtais agus ráitis Dála.
Caithfidh Aire muinín a bheith acu go bhfuil eolas soiléir, cruinn, tráthúil á fháil acu ó Chathaoirleach ar bhord stáit. Tá sé seo níos tábhachtaí ná riamh anois ag an tráth dúshlánach seo i stair RTÉ.
Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a chur in iúl don iar-Chathaoirleach Siún Ní Raghallaigh dá tiomantas agus dá díograis do RTÉ agus do craoltóireacht seirbhís phoiblí.
Glacfar céim thábhachtach chun cinn amárach nuair a lorgóidh mé faobhadh an rialtais do chathaoirleach nua don bhord, agus baill eile. Tá sé i gceist agam cruinniú a lorg leis an gCathaoirleach nua nuair a bheidh siad ceaptha, agus leis an Ard Stiúrthóir, sna laethanta romhainn.