Ráiteas an Aire Martin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu bhuail mé le Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, agus leis an Ard-Stiúrthóir (DG), Kevin Bakhurst.
Chuir mé m’imní agus mo fhrustrachas in iúl maidir leis an mbealach atá an chonspóid atá ag tarlú faoi láthair maidir le pacáistí scoir ag baint ón obair mhaith atá á tabhairt faoi ag an gCathaoirleach agus an DG chun athchóiriú a dhéanamh ar RTÉ agus muinín inár gcraoltóir náisiúnta a athchothú.
Dheimhnigh an DG liom gur lorg sé tuilleadh comhairle dlithiúla maidir leis na leibhéil nochta ar féidir a dhéanamh.
Cé go dtuigim an gá a bhfuil le meas a bheith ar chomhairle dhlíthiúil, agus ar chearta fostaíochta agus príobháideachais daoine aonair chomh maith, mheabhraigh mé don DG faoin leas poiblí tábhachtach atá ann, a chaithfidh a bheith mar chúinse agus plé á dhéanamh ar an gceist seo. D’iarr mé air freisin breathnú ar gach rogha a d’fhéadfadh a bheith ann chun tuilleadh soiléire agus trédhearcachta a thabhairt isteach sna ceisteanna seo.
Chuir an DG in iúl dom go bhfuil sé ag súil le comhairle dhlíthiúil nua sna laethanta romhainn, agus go bhfuil sé tiomanta don mhéid is mó eolais agus is féidir a chur ar fáil don phobal chomh luath agus is féidir.
Chomh maith leis sin, chuir mé ina luí ar an gCathaoirleach agus ar an DG gur cheart comhaontuithe rúndachta a sheachaint, i gcomhthéacs aon socruithe iomarcaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus gur cheart srian a thabhairt isteach ar mhéid na socruithe. Tá an DG tiomanta do na moltaí seo a phlé ina n-iomláine.
Is pointe cinniúnach é seo do RTÉ, agus tá sé ríthábhachtach go bhforbraítear cultúr nua oscailteachta agus cothroime má táthar chun muinín sa chraoltóir náisiúnta a thabhairt ar ais.