Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 10 Eanáir 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,344 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 9 Eanáir, cuireadh 6,888 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 147,613* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu tá 1,452 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 125 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 100 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 09 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 09 Ean 2021) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (27 Noll 2020 go 09 Ean 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (27 Noll 2020 go 09 Ean 2021) |
Éire | 6,888 | 1291.2 | 61,484 |
Muineachán | 140 | 2525.0 | 1,550 |
Lú | 263 | 2201.2 | 2,837 |
Luimneach | 469 | 1878.4 | 3,661 |
Port Láirge | 320 | 1644.9 | 1,911 |
An Cabhán | 89 | 1483.4 | 1,130 |
Baile Átha Cliath | 2,088 | 1477.4 | 19,906 |
Loch Garman | 405 | 1436.0 | 2,150 |
Dún na nGall | 196 | 1409.0 | 2,243 |
An Clár | 208 | 1357.5 | 1,613 |
Corcaigh | 862 | 1340.7 | 7,278 |
Ceatharlach | 107 | 1299.8 | 740 |
Maigh Eo | 95 | 1168.5 | 1,525 |
Cill Chainnigh | 163 | 1160.9 | 1,152 |
An Mhí | 216 | 1138.7 | 2,221 |
Sligeach | 43 | 1132.2 | 742 |
Ciarraí | 192 | 1065.6 | 1,574 |
Cill Dara | 238 | 971.2 | 2,161 |
Longfort | 43 | 902.8 | 369 |
Uíbh Fhailí | 62 | 894.0 | 697 |
Laois | 105 | 843.0 | 714 |
Tiobraid Árann | 239 | 775.3 | 1,237 |
Gaillimh | 140 | 735.5 | 1,898 |
Ros Comáin | 16 | 725.1 | 468 |
Liatroim | 20 | 705.3 | 226 |
An Iarmhí | 54 | 690.5 | 613 |
Cill Mhantáin | 115 | 609.4 | 868 |
NÓTA:
Minicíocht 7 lá 960.3
Meán gluaiseachta 5 lá 6,861