Comhráiteas ón Taoiseach Simon Harris agus ó Phríomh-Aire na Breataine Keir Starmer
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Taoiseach Simon Harris agus Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le chéile i dTeach Farmleigh ar an 7 Meán Fómhair. Ba é béim a gcruinnithe teacht ar chomhaontú maidir leis an gcaidreamh atá idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a bhunú as an nua, a bheidh uaillmhianach. Phléigh siad an rún atá ag an Ríocht Aontaithe a caidreamh leis an Aontas Eorpach a bhunú as an nua. Phléigh na ceannairí saincheisteanna práinneacha domhanda freisin, lena n-áirítear cúrsaí san Úcráin agus i nGaza.
I ndiaidh an chruinnithe, d’eisigh Príomh-Aire na Breataine agus an Taoiseach an comhráiteas seo a leanas:
Phléigh Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer agus an Taoiseach, Simon Harris bunú as an nua na comhpháirtíochta idir an Ríocht Aontaithe agus Éire inniu.
Phléigh na ceannairí an tábhacht a bhaineann lena bhfreagrachtaí ina gcomhráthóirí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an uaillmhian chomhroinnte atá acu go n-áireofaí Tuaisceart Éireann sna deiseanna, rathúnas eacnamaíochta agus athmhuintearas níos fearr a bhainfear amach ar fud na n-oileán seo agus go mbeidh siad chun tairbhe do Thuaisceart Éireann.
D’aontaigh na ceannairí d’fhonn an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a thabhairt chuig leibhéal nua agus maith a dhéanamh do ghealltanas an chaidrimh sin go dtionólfaí an chéad sraith nua de chruinnithe mullaigh bliantúla ar leibhéal cheannairí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i mí an Mhárta 2025.
D'aontaigh siad go dtabharfaidh na cruinnithe mullaigh, a gcuideoidh Airí ar an dá thaobh lena n-ullmhú idir seo agus mí an Mhárta, comhoibriú i gceithre phríomhréimse chun cinn, a léiríonn fairsinge agus téagar na gcomhluachanna agus na gcomhleasanna idir an Ríocht Aontaithe agus Éire:
• Slándáil, Ceartas agus Saincheisteanna Domhanda: feabhas a chur ar chomhordú beartas agus ar chomhpháirtíochtaí i réimsí ina bhfuil leas coiteann ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn, amhail an chibearshlándáil agus an tslándáil mhuirí.
• Cúrsaí aeráide, fuinnimh, teicneolaíochta agus nuálaíochta: cur leis an gcomhar atá ann cheana agus tuilleadh tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn ós rud é go n-aithníonn an dá thaobh go bhfuil sé ríthábhachtach beart a ghlacadh agus go bhfuil deiseanna ag baint leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
• Forás, trádáil agus infheistíocht: forás eacnamaíoch idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a spreagadh, ag cur tuilleadh leis na naisc atá ann cheana agus tuilleadh leas a bhaint as gaireacht gheografach na n-oileán seo, agus gan dearmad a dhéanamh gur caidreamh é seo ar fiú breis agus 120 billiún euro cheana féin é in aghaidh na bliana.
• Naisc chultúir, oideachais agus idir daoine: na naisc trína n-aontaítear an Ríocht Aontaithe agus Éire a aithint agus a fhorbairt, lena n-áirítear an Comhlimistéar Taistil, agus an saibhreas a bhaineann leis na nasc atá ann idir ár bpobail agus ár gcultúir, trí oideachas, spórt agus comhthionscadail chultúir.
De réir mheon an chaidrimh atá idir an Ríocht Aontaithe agus Éire i ndáil le gnó, cultúr, daoine agus eile, dúirt Príomh-Aire na Breataine agus an Taoiseach gurbh ionann cruinniú an lae inniu agus tús a bheith á chur le clár oibre uaillmhianach, clár oibre a thabharfar ar lámh d’Airí agus a gcuid ranna d’fhonn comhpháirtíocht athnuaite agus neartaithe a chur ar fáil.
Tá Príomh-Aire na Breataine agus an Taoiseach ag súil lena chéile a fheiceáil arís i Nua-Eabhrac ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i nDún Éideann ag Comhairle na Breataine-na hÉireann i mí na Nollag.
CRÍOCH