Seolann an tAire McConalogue Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme 2024 ar luach €1.5 milliún
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, oscailt Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme 2024.
Reáchtáiltear an scéim deontais i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta, agus infheistíonn i gcaomhnú foirgneamh traidisiúnta feirme agus struchtúr a bhfuil luach suntasach oidhreachta ag baint leo a chuireann lenár dtírdhreach tuaithe.
Maoiníonn an scéim caomhantas agus caomhnú foirgneamh agus struchtúr traidisiúnta feirme ar nós dromchlaí clóis stairiúla, geataí agus piléir geata mar chuid den fheirm oibre. Cuireann go leor de na struchtúir a dtacaítear leo suíomhanna fara ar fáil d’ialtóga mar aon le suíomhanna neadaithe d'éin freisin.
Ag labhairt dó ar an bhfógra, dúirt an tAire Charlie McConalogue:
“Agus buiséad méadaithe €1.5 milliún á chinntiú do Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme 2024, d'athdhearbhaigh mé tiomantas leanúnach an Rialtais seo tacú le caomhnú trí úsáid inbhuanaithe acmhainní agus ábhar. Tabharfaidh an fógra seo inniu deis arís d'fheirmeoirí leanúint ar aghaidh ag athchóiriú agus feidhm nua a thabhairt dár bhfoirgnimh thraidisiúnta feirme agus leanfaidh sé ar aghaidh ag caomhnú ár staire.
Tabharfaidh an méadú ar mhaoiniú deis d'iarratasóirí breise leas a bhaint as an scéim thábhachtach seo agus mholfainn do gach duine a bhfuil struchtúir incháilithe acu smaoineamh ar iarratas a dhéanamh uirthi. Táim ag tnúth le tuilleadh tionscadal críochnaithe a fheiceáil a fheabhsóidh ár dtírdhreach níos déanaí i mbliana.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:
“Tá an Chomhairle Oidhreachta an-sásta a bheith ag riaradh na scéime nuálaí seo a aithníonn, tríd an stoc foirgnimh stairiúil a dhaingniú, an ról atá ag na foirgnimh seo mar ghnáthóga fiadhúlra agus mar rannchuiditheoirí dár dtírdhreach tuaithe. Tá a fhios againn gur féidir le go leor de na foirgnimh seo tacú le héagsúlacht mhór fiadhúlra, lena n-áirítear speicis ar údar imní caomhantais iad agus oibríonn an scéim seo le feirmeoirí chun tacú leis an bhfiadhúlra a bhfuil na foirgnimh seo ina gcónaí ann, iad a fheabhsú agus a chosaint.
“Tacaíonn an scéim deontais seo go gníomhach freisin le scileanna traidisiúnta tógála a choinneáil in Éirinn agus tionchar thar a bheith sásúil a nochtadh sa mheastóireacht is ea an fheasacht mhéadaithe i measc feirmeoirí ar a luach agus a n-ullmhacht chun iad a úsáid amach anseo le 96% d'fheirmeoirí a ndearnadh suirbhé orthu i bhfách níos mó anois chun oibrithe ceardaíochta traidisiúnta a úsáid más rud é go bhfuil oibreacha speisialta uathu. Is tionchar é seo don earnáil le hacmhainneacht lena mbainfidh fad saoil.’’
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Caithfear iarratais a dhéanamh ar líne ag https://www.heritagecouncil.ie/ga/
Reáchtálfar seimineár gréasáin eolais ar an 1 Márta ar 12i.n., clárú ag https://www.heritagecouncil.ie/ga/
Is é Dé Céadaoin, an 27 Márta ar 5i.n. an spriocdháta i gcomhair iarratais ar líne agus tá téarmaí agus coinníollacha na scéime agus an fhoirm iarratais ar líne ar fáil ag https://www.heritagecouncil.ie/ga/