An tIdirphlé is déanaí maidir le hOileán Comhroinnte dírithe ar na hEalaíona agus ar an gCultúr ar oileán na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tiocfaidh ealaíontóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, comhaltaí na n-eagraíochtaí pobail cultúir agus cruthaitheacha agus gníomhaireachtaí rialtais Thuaidh agus Theas le chéile amárach (Déardaoin 13 Deireadh Fómhair) i Halla Mandela i mBéal Feirste chun dúshláin comhroinnte agus na deiseanna atá i ndán don earnáil ealaíon agus cultúir ar fud an oileáin a phlé.
Tá Ealaíona agus Cultúr ar Oileán Comhroinnte ar an dara himeacht déag sa tSraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte, ra a bhfuil sé mar aidhm leis an imeacht idirphlé sibhialta tairbheach agus uileghabhálach a chothabháil le gach pobal agus traidisiún maidir le todhchaí chomhroinnte ar oileán na hÉireann agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus mar thaca leis.
Labhróidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus Aire Pobail Thuaisceart Éireann, Deirdre Hargey MLA, ag an imeacht, arb é an chéad Idirphlé a reáchtálfar i mBéal Feirste agus glacfaidh Airí a bhfuil freagracht orthu as na hEalaíona agus as an gCultúr Thuaidh agus Theas páirt san imeacht.
Dúirt an tAire Martin roimh an Idirphlé:
Bhí ról tábhachtach ag na hEalaíona agus Cultúr - i ngach foirm agus traidisiún - maidir le cothú na síochána le 25 bliain anuas. Tá an t-ádh le leor ealaíontóirí go bhfuil cumas ar leith iontu taithí, mothúcháin agus dearcthaí éagsúla a léiriú, agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfeiceann muid, a n-éisteann muid agus a meascann muid le chéile.
Tuigim go rímhaith go raibh tréimhse fhíordheacair roimh an earnáil le dhá bhliain mar gheall ar an bpaindéim lenar cuireadh stop thar oíche leis an earnáil chultúir, agus tá sé sin fós ag cur isteach ar an earnáil go suntasach, ó Thuaidh agus ó Dheas.
Leis na deacrachtaí sin léirítear neart, agus tá deiseanna nua iontacha ar fáil chun dul i mbun comhoibrithe, agus chun malartú agus caidreamh a dhéanamh ar fud oileán na hÉireann. Leis an Idirphlé, cloisfear ó na ceannródaithe agus ó na cleachtóirí ealaíon agus cultúir, Thuaidh agus Theas, maidir leis an mbealach is fearr ar féidir linn na deiseanna iontacha seo a thapú don oileán comhroinnte sna blianta atá amach romhainn.”
Dúirt Aire Pobail Thuaisceart Éireann, Deirdre Hargey MLA:
Tá áthas orm go bhfuil cathair Bhéal Feirste ag óstáil an idirphlé atá ag dul ar aghaidh i gcónaí lena bpléitear na bealaí chun na hearnálacha ealaíon agus cultúir ar fud oileán na hÉireann a thacú, a spreagadh agus a fhorbairt.
Is éard atá i gceist leis sin ná comhpháirtíochtaí a chothú, deiseanna infheistíochta a fhorbairt agus líonraí cruthaitheacha a fheabhsú.
Tá obair an-suimiúil agus cruthaitheach ar bun i dtionscadail chomhoibríocha ar fud cúrsaí litríochta, teanga, damhsa agus scannán ina bhfuil réimse leathan eagraíochtaí lena n-áirítear iarsmalanna agus cartlanna, agus tá spás tábhachtach againn anseo chun nithe a fhoghlaim agus a roinnt le fáil amach an féidir na naisc chomhoibríocha a fhorbairt tuilleadh.
Is acmhainn shaibhir í an earnáil ealaíon agus Cultúir do chách. Tá mo roinn tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh chun cuidiú leis an earnáil sin a fhorbairt agus a bheith ag déanamh go maith.”
Ar dhíospóireacht phainéil maidir leis na Dúshláin agus Deiseanna ar Oileán Comhroinnte, cloisfear ó ealaíontóirí agus ó eagraíochtaí ealaíon atá ag plé Chomhoibriú Thuaidh-Theas agus Chomhoibriú Thoir-Thiar, agus cloisfear dearcthaí institiúide maidir leis na dúshláin agus deiseanna atá ann chun ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a thacú agus a chur chun cinn.
Sa dara díospóireacht phainéil maidir le Pobail Chruthaitheacha agus Chultúir a Fhorbairt, díreofar ar dhea-chleachtas a roinnt agus ar fhoghlaim maidir le pobail chruthaitheacha agus chultúir a fhorbairt agus tabharfar aird ar leith ar dhearcadh ón earnáil dheonach agus phoiblí.
Is féidir leat páirt a ghlacadh san Idirphlé ar líne ó 11am anseo https://us02web.zoom.us/j/86825181149 .
Is é an tIdirphlé sin an dara himeacht déag sa tsraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte, idirphlé a sheol an Taoiseach i nDeireadh Fómhair na bliana 2020 chun idirphlé sibhialta tairbheach agus uileghabhálach a chothabháil le gach pobal agus traidisiún maidir le todhchaí chomhroinnte ar oileán na hÉireann agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus mar thaca leis.
Postálfaidh @merrionstreet ábhar ón imeacht ar na meáin shóisialta le linn an lae agus is féidir leat an plé a leanúint ar líne trí úsáid a bhaint as an haischlib #SharedIsland.
Leis an tsraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte, díríodh ar shaincheisteanna tábhachtacha do thodhchaí oileán na hÉireann, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus an comhshaol, comhionannas, oideachas agus téarnamh geilleagair. Is féidir teacht ar an Idirphlé roimhe seo a bhí ar siúl i mí an Mheithimh, Féiniúlachtaí ar Oileán Comhroinnte – dearcthaí glúine nua, anseo ag the Shared Island website. .
Tá an tsraith Idirphlé ag cur le cur chuige an rialtais i leith thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, ag comhlánú taighde coimisiúnaithe a fhoilsítear le linn na bliana agus ag cur tiomantais i bhfeidhm maidir le hOileán Comhroinnte atá leagtha amach i gClár an Rialtais.
Is príomhchuspóirí iad naisc shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitíochta ar an oileán a neartú agus cuir chuige uile-oileánda a chur chun cinn maidir leis na dúshláin straitéiseacha atá os comhair na hÉireann, Thuaidh agus Theas.
Is é an tAonad um Oileán Comhroinnte i Roinn an Taoisigh i gcomhar le ranna rialtais a eagraíonn na hIdirphléití maidir le hOileán Comhroinnte. Cuireadh idirphlé an lae inniu ar fáil i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise maidir leis an tionscnamh um Oileán Comhroinnte ag www.gov.ie/sharedisland agus tá na seisiúin Iomlánacha a tharla roimhe seo ar na hIdirphléití maidir le hOileán Comhroinnte ar fáil chun breathnú orthu ag www.gov.ie/sharedisland/dialogues. .