Molann Airí d’fheirmeoirí tosaíocht a thabhairt don tsábháilteacht le linn na tréimhse fuaire atá ann faoi láthair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, i dteannta an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon, d’fheirmeoirí inniu tosaíocht a thabhairt don tsábháilteacht le linn na tréimhse fuaire aimsire atá anois ann.
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Tá mé ag moladh do gach feirmeoir, iascaire agus duine i gceantair thuaithe a bheith níos cúramaí fós le linn na tréimhse fuaire aimsire atá ann i láthair na huaire. Cé go ndéanann feirmeoirí gach iarracht i gcónaí aire a thabhairt dá mbeostoc le linn na haimsire fuaire, ní mór dóibh tosaíocht a thabhairt dá sábháilteacht féin agus do shábháilteacht na ndaoine sin a oibríonn agus a chónaíonn i bpobail tuaithe.”
Bíonn beostoc in ann cur suas leis an aimsir fhuar fad atá teacht acu ar bheatha agus foscadh dóthanach. Tá sé tábhachtach go mbeadh bearta i bhfeidhm ag feirmeoirí chun a chinntiú gurb amhlaidh le linn dálaí seaca go mbeidh teacht ag beostoc ar uisce úr – idir bheostoc a choinnítear lasmuigh i gcaitheamh mhíonna an gheimhridh agus bheostoc a chuirtear i gcró. Ba cheart an soláthar uisce óil a sheiceáil gach lá, agus ba cheart leac oighir ar dhromchla trachanna a bhriseadh faoi dhó sa lá. Ar mhaithe leis an sioc a chosc, is den tábhacht nach bhfágtar an sconna casta air. I gcás inar gá, ba cheart d’fheirmeoirí a sheiceáil go bhfuil umair stórála chúltaca lán d’úruisce. Ba cheart beostoc a choinnítear lasmuigh i gcaitheamh mhíonna an gheimhridh a sheoladh le solas an lae.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Ach pleanáil a dhéanamh don am atá le teacht, is féidir an t ualach oibre a bhainistiú chun strus agus na rioscaí don tsábháilteacht a laghdú a oiread agus is féidir. Tá sé tábhachtach go gcinnteoidh feirmeoirí go mbeidh stoic dhóthanacha beatha agus soláthairtí acu chun aon ghanntanais a sheachaint le linn drochdhálaí.”
Is minic a bhaintear tuisle as daoine agus go dtiteann siad le linn dálaí seaca, ach is féidir na heachtraí sin a laghdú a oiread is féidir, agus a sheachaint go hidéalach, ach clóis a choinneáil slachtmhar agus cothabháil a dhéanamh ar sconnaí, píopaí agus draeinphíobáin chun paistí seaca de dheasca siltí a sheachaint. Beidh salann chun grean a leagan ina chuidiú chun dálaí sleamhna a laghdú a oiread agus is féidir timpeall an chlóis feirme.
Ba cheart d’fheirmeoirí a chinntiú nach n oibreoidh siad thuas in airde le linn aimsir sheaca. Níor cheart an díon a dheisiú ach amháin nuair atá dálaí aimsire oiriúnach agus úsáid á baint as an trealamh cuí.
Dúirt an tAire Heydon:
“Ní mór d’fheirmeoirí tosaíocht a thabhairt don tsábháilteacht i gcónaí. Gach bliain, bíonn cuid mhór eachtraí tromchúiseacha agus marfacha ann ar fheirmeacha na hÉireann. Cé gur gairm bheatha ardriosca í an fheirmeoireacht, is féidir na rioscaí a bhainistiú chun na heachtraí sin a laghdú a oiread agus is féidir. Mar sin, molaim do na feirmeoirí go léir measúnú a dhéanamh ar na rioscaí de réir mar théann siad i mbun a gcuid oibre. Ní féidir bearta a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir jabanna a chríochnú go sábháilte ach amháin má shainaithnítear na rioscaí roimh ré. Is uirlis sábháilteachta bhunriachtanach é an guthán póca agus ba cheart d’fheirmeoirí é a choimeád ina seilbh acu i gcónaí, go háirithe nuair atá siad ag obair i bhfad ón gclós feirme."
Moltar do gach duine i bpobail tuaithe súil a choinneáil ar chomharsana scothaosta agus orthu sin atá ina gcónaí leo féin. Is féidir le daoine áirithe a bheith thar a bheith uaigneach um Nollaig agus ag tús na Bliana Úire agus tá sé tábhachtach coinneáil i dteagmháil go rialta le comharsana i gcaitheamh an gheimhridh.
Maidir le saincheisteanna leasa ainmhithe a bhaineann leis an drochaimsir, coinnigh i dteagmháil le do chomhairleoir talmhaíochta nó déan teagmháil le Líne Chabhrach Leasa Ainmhithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ach glaoch ar: 01 607 2379.
Faigh tuilleadh eolais faoi conas a bheith sábháilte ar shuíomh gréasáin an rialtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh