Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar thubaiste an Chraoslaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Táim ag cuimhneamh inniu ar na daoine sin a bhásaigh agus na daoine a gortaíodh sa phléascadh uafásach sa Chraoslach, agus tá mé ag guí ar a son.
Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena muintir, lena gcairde agus leis an bpobal go léir sa Chraoslach an lá seo ar a bhfuil muintir Dhún na nGall agus muintir na tíre ar fad faoi scamall bróin.
Beidh daoine fud fad na tíre sioctha, mar atá muintir an Chraoslaigh, ag an suaitheadh seo a baineadh astu agus ag an mbriseadh croí a bhaineann leis na básanna tragóideacha seo.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí uile na seirbhísí éigeandála ar fud an Iarthuaiscirt agus Thuaisceart Éireann, a tháinig ar an láthair chomh gasta sin agus atá ag obair i rith na hoíche i gcúinsí thar a bheith coscrach."