Moladh faofa ag an Rialtas le dlús a chur le tógáil Sheachbhóthar Áth Dara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan TD inniu go bhfuil moladh faofa ag an Rialtas le dlús a chur le tógáil Sheachbhóthar Áth Dara. Tá an seachbhóthar ina ghné de Thionscadal Luimnigh-Fhainge, is bóthar 33km a rachaidh idir Luimneach agus Calafort Fhainge.
Fágann an cinneadh a rinneadh inniu le tógáil an tseachbhóthair a thabhairt chun tosaigh go bhféadfadh sé go mbeifí in ann é a chur i gcrích roimh theacht Chorn Ryder. Tá an t-imeacht sin le bheith ar siúl i Mainéar Áth Dara i mí Mheán Fómhair 2027 agus, dá gcríochnófaí an seachbhóthar in am, d’fhéadfadh sé a bheith ina chúnamh ó thaobh bainistiú tráchta de.
Tá an Rialtas chun infheistíocht thart ar €150 milliún a dhéanamh leis an seachbhóthar 7km a chur ar fáil agus é mar aidhm aige tréthrácht a choinneáil amach ó Bhaile Áth Dara agus fáil réidh le mórphointe brú tráchta ar an ngréasán bóithre náisiúnta sa réigiún. Feabhsóidh sé freisin cáilíocht na beatha dóibh siúd a chónaíonn agus a oibríonn sa bhaile, agus réiteoidh an bealach do roinnt feabhsuithe ar an bhfearann uirbeach.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Iompair Eamon Ryan: “Is mórthionscadal bonneagair é seo a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis do Luimneach agus dár ngréasán náisiúnta bóithre. Agus é críochnaithe, is iomaí buntáiste a bheidh i gceist d’Áth Dara. Beidh níos lú brú tráchta agus torainn ann, tiocfaidh feabhas ar chaighdeán an aeir, beidh sé níos éasca do dhaoine a mbealach a dhéanamh isteach sa bhaile agus amach as, beidh sé i bhfad níos sábháilte agus déanfar feabhsuithe ar limistéir ghlasa agus spásanna comhroinnte, rudaí a dhéanfaidh an baile níos tarraingtí fós mar áit chónaithe agus oibre araon. Is é seo an cineál athraithe ó bhonn a theastaíonn uainn a bhaint amach do dhaoine trí thosaíocht a thabhairt do sheachbhóithre agus trínár gcur chuige le tús áite a thabhairt do lár an bhaile.”
Táimid ag cur dlús leis an tionscadal seo chomh maith agus é mar aidhm againn go mbeadh sé réidh do Chorn Ryder in 2027. Beidh Bonneagar Iompair Éireann (TII) ag obair as lámha a chéile le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus le gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara eile leis an seachbhóthar a oscailt de réir a sceidil sin.”
Chuir an tAire Stáit Jack Chambers fáilte roimh an scéala: “Infheistíocht thábhachtach é Seachbhóthar Áth Dara sa ghréasán bóithre agus inniu tá curtha in iúl ag an Rialtas go bhfuil siad ag tacú le seachadadh an tseachbhóthair roimh Mheán Fómhair 2027. Rachaidh an scéim chun sochair do chónaitheoirí, do chomaitéirí agus do chuairteoirí sa réigiún, agus táim ag tnúth go mór leis an obair thógála a fheiceáil faoi lánseol.”