Scéim phíolótach Ioncam Bunúsach do na hEalaíona - Foilsiú Tuarascála ar an gComhairliúchán Poiblí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD tuarascáil inniu ar an gcomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl aici i mí Eanáir 2022 maidir leis an scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona.
Ba é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí a chinntiú go bhféadfadh an pobal i gcoitinne, ealaíontóirí agus iad siúd atá ag obair in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir cuidiú le forbairt beartais don chlár píolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona maidir le ceisteanna tábhachtacha amhail na cuspóirí, na critéir incháilitheachta agus conas tacú le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
“Fáiltím roimh na tuairimí léirsteanacha a fuarthas ón bpobal, ealaíontóirí agus páirtithe leasmhara in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo. Ní tharlaíonn idirghabháil beartais mar seo ach uair amháin i nglúin agus tá comhairliúchán le páirtithe leasmhara ríthábhachtach do sheachadadh Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a oibríonn don earnáil.”
Fuarthas 1,269 freagra ar an gcomhairliúchán poiblí ar líne nuair a bhí sé oscailte le linn mhí Eanáir 2022.
Tá torthaí an phróisis chomhairliúcháin sa tuarascáil.
Fuarthas beagnach 90% de na haighneachtaí ó ealaíontóirí agus ó oibrithe sna healaíona cruthaitheacha, chuir eagraíochtaí 4% eile isteach agus chuir baill den phobal 7% isteach.
Bhí na freagraí ar an gcomhairliúchán dearfach den chuid is mó agus tacaíonn siad leis an scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona mar a moladh í. Chuir tuairimí na bhfreagróirí ionchur úsáideach ar fáil don Aire agus sonraí na scéime píolótaí á tabhairt chun críche.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tá gealltanas an Rialtais faighte agam do scéim phíolótach trí bliana um bhunioncam do na healaíona agus chuige sin tá €25m leithdháilte agam do 2022 chun an scéim a sheoladh. Tá m’oifigigh agus mé féin ag tabhairt sonraí na scéime chun críche faoi láthair agus tá súil agam go dtabharfaidh sí tacaíocht thábhachtach d’ealaíontóirí agus d’oibrithe na n-ealaíon cruthaitheach agus muid ag teacht amach ón bpaindéim.
“Ní mór dúinn an deis seo a d’fhéadfadh cabhrú leis na healaíona, agus an lucht saothair oilte san earnáil a thapú.”
Seolfaidh an tAire sonraí na scéime go luath. Cuirfear treoirlínte don scéim ar fáil sna seachtainí atá romhainn nuair a bheidh aiseolas ón gcomhairliúchán curtha san áireamh i ndearadh deiridh na scéime píolótaí.
Tharla an comhairliúchán poiblí ar líne tar éis fhóram na bpáirtithe leasmhara, a d’óstáil an tAire ar an 15 Nollaig 2021.
D'fhreastail níos mó ná 150 rannpháirtí ar an bhfóram sin ó 50 foras ionadaíoch agus acmhainne de chuid ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon chun an togra a phlé agus chun a dtuairimí agus a n-aiseolas a thabhairt don Aire agus dá Roinn.
Tá tuarascáil an chomhairliúcháin phoiblí um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ar fáil anseo