Ráiteas Comhpháirteach ón Aire Donnelly, Aire Feighan & Aire O'Brien
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is tosaíocht í don Rialtas seo tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh a bhfuil easpa dídine ag bagairt orthu. Tá an Clár Rialtais tiomanta easpa dídean a laghdú agus a chosc agus soláthraítear ann mionsonraí faoin gcaoi a rachaidh an Rialtas i ngleic leis an dúshlán seo.
Príomhthiomantas amháin is ea go n-oibreoidh an Roinn Sláinte agus FSS leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir maoiniú agus acmhainní tiomnaithe a sholáthar chun na tacaíochtaí sláinte agus meabhairshláinte riachtanacha a sholáthar atá de dhíth chun cabhrú le daoine gan dídean a bhfuil riachtanais chasta acu.
Tionóladh cruinniú déthaobhach idir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Frank Feighan inniu.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire O'Brien,
“Aithníonn an Clár Rialtais go mbíonn riachtanais sláinte bhreise agus chasta ag go leor teaghlach atá gan dídean.
“Díreach tar éis mo cheapacháin bhunaigh mé Tascfhórsa Ardleibhéil um Easpa Dídine chun fóram a chur ar fáil le haghaidh rannpháirtíochta le heagraíochtaí lárnacha atá ag obair chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine. Tá an Tascfhórsa ag scrúdú bearta atá riachtanach chun tacú le bealaí amach as easpa dídine, a éileoidh cur chuige comhoibritheach idir an dá Roinn.
“Tuigim go bhfuil an tAire Donnelly tiomanta go láidir dul i ngleic leis na dúshláin seo agus leanfaimid orainn ag bualadh le chéile go rialta agus ag obair le chéile chun cabhrú le daoine gan dídean a bhfuil riachtanais chasta sláinte agus mheabhairshláinte acu,” a dúirt sé.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Chuir Covid-19 béim ar na naisc idir sláinte agus easpa dídine. Geallann an Clár Rialtais idirghabhálacha sláinte agus sóisialta a fhorbairt, bunaithe ar chur chuige maidir le sláinte uilechuimsitheach, chun díriú ar dhaoine atá gan dídean agus a bhfuil andúil acu. Is príomhthosaíocht í de chuid FSS aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte daoine gan dídean agus a rochtain ar chúram sláinte a fheabhsú. Beidh sé mar thosaíocht i mBuiséad 2021 acmhainní breise a fháil chun freastal ar riachtanais sláinte daoine gan dídean. "
Dúirt an tAire Donnelly:
“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Aire O’Brien agus an nasc idir an dá Roinn a choinneáil ar cheist na heaspa dídine amach anseo. Ba mhaith liom freisin an comhoibriú idir eagraíochtaí deonacha tithíochta, Feidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath agus údaráis áitiúla a neartú ar lámh amháin, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus seirbhísí drugaí agus alcóil ar an lámh eile."
Dúirt an tAire Feighan:
“Tá go leor ceachtanna dearfacha ann ón gcur chuige comhcheangailte chun freastal ar riachtanais sláinte agus shóisialta daoine atá gan dídean le linn Covid-19. Tá os cionn 70 úsáideoir seirbhíse nua i measc daoine atá gan dídean mar gheall ar rochtain thapa ar chóireáil ionadaíochta opioide. Ina theannta sin, soláthraíodh cóiríocht bhreise chun a chur ar chumas daoine gan dídean a bhfuil bunriochtaí sláinte acu iad féin a aonrú. Mar thoradh ar na hiarrachtaí seo, rinneadh líon na ráigeanna de Covid-19 i seirbhísí do dhaoine gan dídean a íoslaghdú, agus ní raibh ach 15 chás a bhain le 4 chnuasach. Caithfimid na tacaíochtaí seo a choinneáil do dhaoine gan dídean, toisc go bhfuil Covid-19 fós ina bhagairt do shláinte an phobail.
“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Aire O’Brien agus an nasc idir an dá Roinn a choinneáil amach anseo,”
CRÍOCH